Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013 oscailte le haghaidh iarratas

$
0
0
Beidh Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill á eagrú mar ócáid lárnach le linn Thuras na bhFilí Albanacha don séú  bliain as a chéile in 2013.

Tá iarratais á nglacadh faoi láthair don mhórchomórtas Ceilteach seo agus is é 15 Márta 2013 an spriocdháta d’iontrálacha.

Is comórtas dátheangach ar théama oscailte é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Ní ghlacfar le níos mó ná trí iarratas ó gach iarratasóir. Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go maith roimh ré chomh maith. Ní ghearrfar costas ar iontrálacha.

Roghnófar gearrliosta d’ochtar, as a mbeidh buaiteoir amháin ainmnithe ag oíche mhór filíochta agus cheoil ar an Aoine, 19 Aibreán in ionad Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 2.

Bronnfar duais €500 agus Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar bhuaiteoir an chomórtais

Beidh file aitheanta mar aoi speisialta ar an oíche agus mar dhuine de na moltóirí ar chomórtas na bliana seo. Léifidh na filí a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta an chomórtais a ndánta ar an oíche mar aon le léamh filíochta dátheangach leis na filí Albanacha.

Anuas air seo, beidh neart siamsaíochta le ceol Albanach agus amhráin Gàidhlig agus beidh an t-úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, staraí liteartha, agus an craoltóir Alan Titley ina fhear an tí.

Anuraidh Chroch an banfhile óg Ailbhe Ní Ghearbhuígh ó Thrá Lí, Contae Chiarraí an corn léi leis an dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’.

Bhí Nuala Ní Dhomhnaill agus Rody Gorman mar mholtóirí ar an gcomórtas. Dúirt Nuala Ní Dhomhnaill go raibh na dánta go léir ar ardchaighdeán agus gur cinneadh deacair a bhí ann dóibh. Táthar ag súil go leanfar leis an gcaighdeán ard sin arís i mbliana.

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais anseo agus ar rialacha an chomórtais anseo. Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Sibéal Davitt ag sdavitt@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dlúthdhiosca sean-nóis den scoth le buachan

Cóisir Oíche na Féile Bríde i mBaile Locha Riach

Cnuasach filíochta ‘Fuíoll Feá’ foilsithe ag Cois Life

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>