Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seimineár "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" i mBaile Átha Cliath

$
0
0
Tionólfaidh An Fóram Díospóireachta seimineár dar teideal "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine": Éire sa 21ú hAois idir Indibhidiúlacht agus Phobal ar 1 agus 2 Márta 2013 i mBaile Átha Cliath.

Beidh aoichainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ag caint ar réimse leathan ábhar thar an dá lá idir thodhchaí na Gaeilge, theangacha mionlaigh sa ré dhigiteach agus fís na ndaoine.

Cuirfear tús leis an seimineár ag 7.30pm Dé hAoine, 1 Márta nuair a seolfaidh Gréagóir Ó Dúill leabhar nua de chuid Pheadair Kirby, Ollamh Emeritus in Ollscoil Luimnigh dar teideal 'Tábhacht na Gaeilge i bhforbairt na tíre'.

I ndiaidh an fháiltithe cloisfear Léacht Nollaig Uí Ghadhra agus cuirfear deireadh le hoíche oscailte an tseimineáir leis an Ollamh Michael Cronin as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus 'Tuireamh na hÉireann? Cuntas nua do phobal nua?'.

Leanfaidh an plé ar an Satharn 2 Márta ó 9.00am go 5.30pm in Óstán Buswells i lár na príomhchathrach.

Beidh an Dr Tom Healy, Stiúrthóir Institiúid Nevin i mBaile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar thodhchaí na tíre sa chaint 'Cé na luachanna le haghaidh cén fhís? Éire i 2050'.

Beidh aoichainteoirí idirnáisiúnta ag glacadh páirte sa phlé ar an Satharn. Pléifidh an tOllamh Kevin Scannell as Ollscoil San Louis sna Stáit Aontaithe 'Teangacha mionlaigh se Ré Dhigiteach: tionchar na meán sóisialta' agus beidh 'Liberté, Égalité, Gratuité' mar ábhar cainte Mme. Magali Giovannangeli , Présidente de la comminauté d'agglomeration du pays d'Aubagne agus M. Antoine Di Caccio vice-Président.

Cloisfear freisin ón údar Liam Mac Cóil, fiontraí agus fear gnó Máirtín Hawkes agus colúnaí de chuid The Irish Times John Waters.

Is é Teacht Aniar i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, Coiscéim agus Gael Linn atá i mbun eagrúchán an tseimineáir, le cabhair ó Fhondúireacht na Gaeilge.

Tionólfar an seimineár in Óstán Buswells , Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath ar 1&2 Márta 2013.

Tá costas €10 ar an seimineár, saor in aisce do mhic léinn agus tá gach eolas le fáil ó Bhreandán Mac Cormaic, 087 2444593 nó eolas@fnag.ie.

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Craoltóireacht sa ré dhigiteach ar bharr an sceidil ag ceardlann chraoltóireachta in oifigí an BAI

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013 oscailte le haghaidh iarratas

Cóisir Oíche na Féile Bríde i mBaile Locha Riach

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>