Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoil Cheoil ar an mBuailtín

$
0
0

I gceann coicíse cuirfear tús le Scoil Cheoil an Earraigh, féile cheoil thraidisiúnta i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí agus leanfaidh na himeachtaí ón 13 - 17 Feabhra 2013.

Maireann imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh thar tréimhse cúig lá agus díríonn an scoil Cheoil go háirithe ar cheol, amhráin agus stíl Chorca Dhuibhne. Ar ndóigh beidh ceoltóirí agus amhránaithe den scoth ag seinm ag an scoil cheoil.

Beidh go leor ranganna agus seisiún ceoil ar siúl le linn fhéile na bliana seo agus beidh neart ceoltóirí áitiúla i lár an aonaigh freisin.

Bíonn suas le 25 rang agus ceardlann éagsúil ar siúl i réimse leathan uirlisí traidisiúnta chomh maith le hamhránaíocht ar an sean-nós agus damhsa ar an sean-nós.

I measc na n-imeachtaí eile bíonn ceolchoirmeacha, seisiúin, oíche amhránaíochta, siúlóid, léacht, oscailt oifigiúil agus go leor imeachtaí eile a bhaineann lenár dtraidisiún.

Beidh gné láidir idirnáisiúnta ag baint leis an Scoil Cheoil i mbliana, agus tá an coiste eagraithe ag súil go mór fáilte a chur roimh cheoltóirí traidisiúnta ó Galicia, An Eastóin, An Iorua agus an tSualainn chomh maith le ceoltóirí na hÉireann agus na hAlban dar ndóigh.

I measc na gceoltóirí agus amhránaithe atá ag glacadh páirte i Scoil Cheoil na bliana seo tá Conor Byrne, Danny Meehan, Laoise Kelly, Johnny Mháirtín Learaí, Charlie Piggott, Mairi Smith, Páidí Mhárthan Mac Gearailt, Anxo Lorenzo, Johan Hedin, Sigrid Modelstad agus go leor eile nach iad.

Tugann Scoil Cheoil an Earraigh deis do dhaoine blaiseadh a fháil de shaibhreas ceoil agus cultúr Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus ar an nGaeilge trí fhreastal ar chiorcal comhrá’ agus ar imeachtaí cultúrtha agus ag an am céanna blaiseadh a fháil ar chultúir eile agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcultúr ár gcomharsana Gaelacha in Albain, tá ranganna cainte agus amhránaíochta i nGáidhlig.

Bíonn neart imeachtaí ar siúl in Ionad an Bhlascaoid, Tigh Bhric i mBaile an Fheirtéaraigh, agus i Halla na Feothanaí. I measc na n-imeachtaí freisin beidh ranganna amhránaíochta, scéalaíochta, ranganna sean-nóis, ciorcal comhrá, siúlóidí, seisiún ceoil mar aon le ranganna damhsa agus uirlisí éagsúla i rith an lae.

 

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dlúthdhiosca sean-nóis den scoth le buachan

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013 oscailte le haghaidh iarratas

Seimineár "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" i mBaile Átha Cliath

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>