Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tionól Niocláis Tóibín 2013

$
0
0

Tá deireadh seachtaine den scoth beartaithe idir cheol, amhránaíocht agus chomhluadar ón 8 go dtí an 10 Feabhra 2013 nuair a bheidh Tionól Niocláis Tóibín ar siúl i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge.

Seo Féile cheoil agus amhránaíochta i gcuimhne an amhránaí Nioclás Tóibín le scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ó cheann ceann na tíre agus beidh ceardlanna, ranganna agus seisiúin cheoil, cainteanna agus craic a reáchtáil thar an deireadh seachtaine.

Bhí clú agus cáil ar Niocláis Tóibín mar amhránaí den scoth agus mar fhear ciúin cóir dóibh siúd a raibh aithne acu air. Bhain sé Corn Ui Riada ag an Oireachtas trí bliana as a chéile ó 1961-1963.

D’fhoilsigh Gael Linn dhá cheirnín dá chuid i 1963 agus LP i 1977. D’fhan sé dílis do cheantar na nDéise i gcónaí agus bhí baint ag an gceantar le go leor dá chuid amhrán ach é sin ráite bhí os cionn 300 amhrán aige, ach an t-amhrán ba mhó a bhí luaite leis na an t-amhrán álainn sin
Na Connerys"

Beidh imeachtaí éagsúla ar siúil in ionaid éagsúla i nGaeltacht na Rinne in measc Tigh an Cheoil, Meánscoil San Nioclás, Tigh Mhaonithe agus Coláiste na Rinne.

Beidh oscailt oifigiúil Thionól Niocláis Tóibín na bliana seo ar siúl ag 9pm ar an Aoine, 08 Feabhra i dTigh an Cheoil sa Rinn áit a mbronnfar Gradam Nioclais ar an amhránaí clúiteach Eibhlín Beann Uí Dhonnchadha as Rinn Ua gCuanach ar an oíche.

Maidin Shathairn beidh ranganna agus ceardlanna ceoil le ceoltóirí den scoth ar siúl i Meánscoil San Nioclás agus ag 2.30pm i gColáiste na Rinne beidh cairde Nioclais Tóibín ag bailiú lena chéile chun súil siar a chaitheamh ar shaol agus déanfar cur síos ar Choláiste agus muintir na Rinne.

Níos déanaí sa tráthnóna beidh Ceolchoirm an Tionóil ar siúl i Meánscoil San Nioclás le scoth na gceoltóirí ag dul chun stáitse.

Ar an Domhnach 10 Feabhra i Séipéal San Nioclás sa Rinn beidh Aifreann á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Cór Fear na nDéise ag 11.30am agus beidh teacht le chéile ceolmhar ar siúl i dTigh Uí Mhaonaigh ag 1pm le ceol le Edel Fox, Neil Byrne agus aíonna eile chun clabhsúr bríomhar a chur le Tionól na bliana seo.

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scoil Cheoil ar an mBuailtín

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013 oscailte le haghaidh iarratas

Seimineár "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" i mBaile Átha Cliath

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945