Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Turas na bhFilí 2013 ar chuairt i gContae Mhaigh Eo

$
0
0
Ag leanúint comhairle an fhile iomráitigh Antoine Ó Raifteiri, ardóidh filí Albanacha an seol agus tabharfaidh siad aghaidh  ar Chontae Mhaigh Eo ón 17-20 Aibreán 2013 mar chuid de Thuras na bhFilí 2013.

Tá Turas na bhFilí 2013 á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal i mbliana.

Beidh na filí Albanacha ag tabhairt aghaidh ar cheantar Iorrais agus Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo i gcomhar dhá oíche mhór filíochta agus siamsaíochta.

Ar an gCéadaoin, 17 Aibreán, beidh oíche mhór filíochta agus ceoil in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead, áit a mbeidh an file áitiúil Caitlín Ní Chonghóile ag léamh filíochta i gcuideachta na bhfilí Albanacha agus beidh an fliúiteadóir Joe Byrne agus an t-amhránaí sean-nóis iomráiteach Síle Uí Mhongáin as Dubh Thuama ina gcuideachta.

Beidh Máirtín Mac Donnchadha, iar-láithreoir RTÉ Raidió na Gaeltachta ina fhear an tí ar an oíche agus tá céad míle fáilte roimh fhilí, amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí áitiúil a bheith i láthair.

As ceantar Iorrais rachaidh na filí ar aghaidh chuig Óstán Oileán Acla áit a mbeidh filíocht/ceol agus amhráin Ghaeilge agus Gàidhlig ar an Déardaoin, 18 Aibreán.

Arís beidh léamh filíochta dátheangach leis na filí Albanacha i gcuideachta an fhile Art Ó Súilleabháin agus beidh ceol agus amhráin leis na cuairteoirí mar aon le ceol den scoth leis an bhfidléir aitheanta Julie Ní Longáin as Baile Uí Fhiacháin i gCo. Mhaigh Eo.

Cuirfear clabhsúr bríomhar le Turas na bliana seo le Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill, ar an Aoine in ionad Cois Teallaigh, 46 Sráid Chill Dara i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Tá an comórtas filíochta Gaeilge agus Gàidhlig seo eagraithe mar ócáid lárnach le linn Thuras na bhFilí Albanacha agus ba í an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhuaigh an corn seo anuraidh.

Is é Turas na bhFilí an clár malartaithe is faide bunaithe idir Éirinn agus Albain. Go hiondúil bíonn beirt fhilí, ceoltóir agus amhránaí traidisiúnta i ngach grúpa.

An aidhm atá le Turas na bhFilí, ná na naisc idir pobal agus traidisiúin na hÉireann agus pobal agus traidisiúin na hAlban a threisiú ionas go gcothófar teagmháil leanúnach idir an dá thír.

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Tionól Niocláis Tóibín 2013

Scoil Cheoil ar an mBuailtín

Dlúthdhiosca sean-nóis den scoth le buachan

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>