Is í an chúis atá tugtha ag Foras na Gaeilge leis an ngearradh seo a chur i bhfeidhm ná nach raibh ag éirí leis nuachtán ó thaobh díolacháin de. Tugadh figiúr de 1,300/1,400 cóip in aghaidh na seachtaine mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí.
Deir Gaelscéal áfach go bhfuil neamhaird déanta ag an bhForas, áfach, den 300-400 chóip dhigiteach a léitear in aghaidh na seachtaine tríd an suíomh idirlín www.gaelscéal.com agus den 1,000 síntiúsóir a bhaineann leas as an tseirbhís nuachta leictreonach gach seachtain.
Mar a sheasann sé faoi láthair, tá críoch le cur le foilseachán an nuachtáin ag deireadh mhí Mhárta, sprioc nach bhfágann ach cúpla seachtain do scríbhneoirí agus d’oibrithe an nuachtáin clabhsúr a chur lena gcuid oibre.
D’eisigh an Foras preasráiteas inné a mhíníonn gur ‘i gcomhthéacs luach ar airgead atá an cinneadh seo glactha’.
“Léiríonn cinneadh bhord Fhoras na Gaeilge, agus na cúiseanna a bhain leis, nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge.”
Tá achainí curtha le chéile ar líne ag impí ar an rialtas cinneadh an Forais a aisiompú agus é sin ar fáil tríd an nasc seo.
Luann an t-alt ar leathanach na hachainí gur 'buille fealltach tubaisteach’ is ea an cinneadh seo d’aon teanga, go háirithe mionteanga, deireadh a chur le nuachtán sa teanga in.
Deir údar na hachainí agus iriseoir le Gaelscéal, Concubhar Ó Liatháin:
“Thosaigh mé an achainí chun deis an thabhairt do dhaoine tacaíocht a léiriú do Ghaelscéal agus cur i gcoinne chinneadh an Fhorais. Níl a fhios agam an dtabharfaidh aon rialtas éisteacht don achainí. Tá sé tábhachtach gan ligint don chinneadh a bheith curtha i gcrích gan fhreasúra. Más mian leat tacú le Gaelscéal ar bhealach praiticiúil, cuir os do chomhair an nuachtán a cheannach gach seachtain go dtí an t-eagrán deiridh.”
Tá neart plé ar Twitter ar an ábhar faoi láthair ar an haischlib #gaelscéal agus ar leathanach Facebook an nuachtáin. Beidh eagarthóir an nuachtáin, Ciarán Dunbar, ag déanamh roinnt cainte ar chlár Rónán Beo @ 3 inniu ar Raidió na Gaeltachta. Chomh maith leis sin déanfar an t-ábhar an phlé go mion sa chéad eagrán eile de Ghaelscéal a fhoilseofar maidin Dé Céadaoin.
© Foilsithe ar Gaelport 05 Feabhra 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Miontuairiscí ó chruinnithe boird Fhoras na Gaeilge 2012 foilsithe
MOLADH: Ba cheart do COGG feidhmiú mar shatailít don CNCM
Clár Thóstal na Gaeilge 2013 fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaelscéal