Cuirfear tús an mhí seo le próiseas le plean teanga a ullmhú i dtrí limistéar Gaeltachta.
Tuigtear do Gaelport.com nach bhfuil na ceantair roghnaithe go fóill ach tá an chosúlacht ann go dtosófar le roinnt de na ceantair is mó a bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge iontu.
Fógraíodh an cinneadh ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i gContae na Gaillimhe, Dé hAoine 01 Feabhra 2013.
Eagrófar réamh-chruinniú leis na heagraíochtaí pobail sna trí réigiún leis an gcur chuige, ceantair fheidhme, na spriocanna a mhíniú agus le comhaontú a fháil uatha a bheith páirteach sa phróiseas. Nil dátaí na gcruinnithe socruithe go fóill ach táthar ag súil go bhfógrófar go luath iad.
Is é an sprioc atá ag bpróiseas pleanála teanga ná córas pleanála teanga a fhorbairt chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.
Is í seo an chéim is déanaí i bhforbairt an phróisis pleanála teanga ó foilsíodh Acht na Gaeltachta 2012.
Aontaíodh chomh maith nach gcuirfear aon bhac le haon limistéar nó aon ghrúpa atá ag iarraidh tús a chur leis an bpróiseas agus cuirfidh an tÚdarás gach tacaíocht ar fáil dóibh.
Tá pleananna teanga i bhfeidhm cheana féin i gceantair áirithe ach ní raibh feidhm reachtúil leo. Faoin gcóras nua, is faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Beidh an Roinn freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna.
©Foilsithe ar Gaelport.com 05 Feabhra 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
Deireadh le maoiniú Ghaelscéal – “Buille marfach don Ghaeilge”
Maoiniú breise tugtha d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain ach ciorruithe eile fógartha
Maoiniú breise tugtha d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain ach ciorruithe eile fógartha