Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cruinnithe beartaithe maidir le pleananna teanga sa Ghaeltacht

$
0
0
Cuirfear tús an mhí seo le próiseas le plean teanga a ullmhú i dtrí limistéar Gaeltachta.
Tuigtear do Gaelport.com nach bhfuil na ceantair roghnaithe go fóill ach tá an chosúlacht ann go dtosófar le roinnt de na ceantair is mó a bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge iontu. 

Fógraíodh an cinneadh ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i gContae na Gaillimhe,  Dé hAoine 01 Feabhra 2013.

Eagrófar réamh-chruinniú leis na heagraíochtaí pobail sna trí réigiún leis an gcur chuige, ceantair fheidhme, na spriocanna a mhíniú agus le comhaontú a fháil uatha a bheith páirteach sa phróiseas. Nil dátaí na gcruinnithe socruithe go fóill ach táthar ag súil go bhfógrófar go luath iad.

Is é an sprioc atá ag bpróiseas pleanála teanga ná córas pleanála teanga a fhorbairt chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is í seo an chéim is déanaí i bhforbairt an phróisis pleanála teanga ó foilsíodh Acht na Gaeltachta 2012. 

Aontaíodh chomh maith nach gcuirfear aon bhac le haon limistéar nó aon ghrúpa atá ag iarraidh tús a chur leis an bpróiseas agus cuirfidh an tÚdarás gach tacaíocht ar fáil dóibh.

Tá pleananna teanga i bhfeidhm cheana féin i gceantair áirithe ach ní raibh feidhm reachtúil leo. Faoin gcóras nua,  is faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Beidh an Roinn freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna.

©Foilsithe ar Gaelport.com 05 Feabhra 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas



Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>