Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

"Seilbh caillte ag an bpobal" ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

$
0
0
“Is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil seilbh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cailliúint ag an bpobal,” dar le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.Bhí an Straitéis á plé go mion ag mic léinn agus ag ionadaithe ó ghrúpaí pobail ag ollchruinniú Chonradh na Gaeilge san Óstán Menlo i gcathair na Gallimhe, De hAoine 01 Feabhra 2013.

Ag labhairt ag an gcruinniú bhí an t-iriseoir Harry McGee ag plé cúrsaí Dála agus na bealaí ina imríonn grúpaí abhcóideachta tionchar ar pholasaithe an rialtais. Ba é Ceannasaí Ghlór na nGael Lorcán Mac Gabhann (ar chlé) a bhí mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos.

Chomh maith leis sin. léiríodh díomá ag an gcruinniú maidir le  cinneadh na Roinn Oideachais agus Scileanna An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur “ionsaí eile ar institiúidí Gaeilge a bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu” a bhí sa chinneadh sin.

© Foilsithe ar Gaelport.com 5 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Ról níos lárnaí don phobal á lorg sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Cruinnithe beartaithe maidir le pleananna teanga sa Ghaeltacht

All about my mother tongue – one man's struggle to keep the Irish language alive

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaeltacht



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>