Beidh dráma úr dátheangach de chuid an scríbhneora Manchán Magan dar teideal ‘Focal Point’ ar siúl in Ionad an Project Arts, Baile Átha Cliath ó 5-8 Feabhra.
Tá an dráma lonnaithe i ndomhan ina bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis ar luas an-sciobtha. Níl de rogha ag an lucht féachana ach an domhan ina mairimid faoi láthair a shamhlú gan ár dteanga dhúchais.
Sa scéal seo, téann fear agus bean ceanndána i gcoinne a chéile le tuairimí éagsúla faoin teanga. Déantar staid na Gaeilge mar mhionteanga a phlé ar bhealach indíreach tríd an teannas a chruthaítear idir an mbeirt.
Is iad Dónall Ó Héalaí agus Jody O’Neill na haisteoirí agus is í Sabine Dargent a dhear an léiriúchán. Tá an dráma dírithe ar gach aois ghrúpa agus cuirfear fo-theidil ar fáil a bheidh feiliúnach do dhaltaí sa tsraith shinsearach.
Beidh ‘Focal Point’ ar siúl ó 5-8 Feabhra ag 8i.n. in Ionad Project Arts, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Is féidir ticéid a chur in áirithe trí ghlaoch a chur ar an ionad 01-8819613 nó ag www.projectartscentre.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 06 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Físeán: Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach
Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013 oscailte le haghaidh iarratas
Sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí forbartha ag Gaelchultúr
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge