Tá an tsraith úr ‘Taisce Tí’ bunaithe ar an tsamhail gur féidir linn feabhas a chur ar ár slite éagsúla maireachtála trí airgead a dhéanamh ar nithe nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh. Más mian leat spás a chruthú i do theach, níl bealach níos fearr ann ná sean-nithe a dhíol agus brabús a dhéanamh ar mhaithe le hathrú a chur i bhfeidhm i do shaol.
An coincheap atá ann ná go mbaileoidh na rannpháirtithe nithe ina dtithe; éadaí, seantroscán nó giuirléidí, agus go gcuirfidh na láithreoirí sainchomhairle orthu maidir le hairgead a thuilleamh ar na nithe sin a dhíol ar eBay nó ag ceantanna eile ar líne mar aon le haontaí nó díolacháin as búit cairr ina gceantar féin.
Is deis iontach é seo roinnt airgid a chur le chéile le haghaidh saoire, bainise, cóiriú tí nó fiú le roinnt spáis a chruthú i d’intinn féin!
Cuirfear na rannpháirtithe ar an eolas maidir le rudaí a dhíol agus a cheannach ar líne, rud a chuideoidh leo amach anseo agus iad ag iarradh an teach a choinneáil saor ó shean-nithe mí-úsáideacha.
Is féidir teacht ar fhoirm iarratais tríd an nasc seo agus is é Dé hAoine 22 Feabhra 2013 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Bláthnaid Ó Brádaigh insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013
Deireadh le maoiniú Ghaelscéal – “Buille marfach don Ghaeilge”
Físeán: Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge