Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéim deontais €15,000 fógartha ag Rith

$
0
0

Ciste Rith le tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh úra teanga

Fógraíodh an scéim nua le déanaí a chuirfidh cúnamh airgeadais ar fáil do thionscnaimh Ghaeilge éagsúla ar fud na tíre idir imeachtaí ghrúpaí Gaeilge agus chláir úra choistí phobail ar mian leo tionscnaimh Ghaeilge a bhunú i measc a gcomhluadair.

Agus é ag fógairt na scéime, dúirt Liam Mac Gabhann, Cathaoirleach Chiste Rith, “Is cúis áthais do Choiste Rith go bhfuil muid in ann €15,000 a chur ar fáil don phobal le tacú le himeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a eagrú. Fáilteofar roimh iarratais i nGaeilge do thionscnaimh atá teangalárnaithe, ach go háirithe ó ghrúpaí ar bheagán maoiniú.”

Cuireadh tús le hollrith sealaíochta na Gaeilge in 2010 agus fógraíodh an chéad scéim maoinithe le déanaí mar gheall ar bhrabús Rith 2012, inár ghlac 27,000 duine páirt san ollrith sealaíochta ó Ghaoth Dobhair go hInis Mór.

Táthar ag súil go leanfaidh rath Rith nuair a reáchtálfar an chéad bhabhta eile in 2014 agus tá sé i gceist go leanfar leis an scéim deontais as seo amach.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ar an scéim ó ghrúpaí Ghaeilge agus grúpaí pobail go dtí 24 Márta 2013.

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.rith.ie/deontas.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Rannpháirtithe á lorg le haghaidh clár úr TG4

Bláthnaid Ó Brádaigh insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013

Turas na bhFilí 2013 ar chuairt i gContae Mhaigh Eo

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>