Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Deireadh Seachtaine Cuimhneachán Mhico Russell

$
0
0
Taobh istigh de choicís beidh comóradh mór ar siúl in iarthar an Chlár in onóir don cheoltóir clúiteach Mico Russell le himeachtaí á reáchtáil in Ionad Mhico Russell agus i dtithe tábhairne éagsúla sa cheantar ón 22-24 Feabhra 2013.

Is in onóir a chuid ceoil agus a shaothar a bhíonn Deireadh Seachtaine Cuimhneacháin Mhico Russell á reáchtáil i Dúlainn i gCo. An Chláir le hocht mbliana déag anuas.

Bhí clú agus cáil ar Mhico Russel mar cheoltóir den scoth ar an bhfeadóg stáin agus is minic a bhíonn a chuid ceoil fós le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar fud na cruinne agus is léir gur fhág sé a rian ar an gceol sa tír seo.

Ní ón ngaoth a thóg Micho Russel an ceol ach óna mhuintir roimhe. Bíodh a mháthair agus a dheartháir Packie ag seinm ar an gconsairtín agus bhíodh a dheartháir Gussia ag seinm ar an bhfeadóg stáin agus ar an bhfeadóg mhór.

Bhain Micho Craobh n hÉireann amach ar an bhfeadóg stain sa bhliain 1973. Bhí stíl ceoil faoi leith aige a chuireadh an lucht éisteachta faoi dhraíocht agus bhí caidrimh iontach nádúrtha aige le daoine a bhíodh ag éisteacht lena chuid ceoil. Le linn na seachtóidí bhí clú agus cáil air agus é ag seinm ag ócáidí ar fud na tíre seo agus ar fud na cruinne freisin. Is minic a bhíodh sé le feiceáil ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach agus idir a chuid foighne agus a choinsiasacht bhí an-tóir air mar theagascóir le linn an scoil samhraidh. Faraor fuair Micho bás i mí Feabhra 1994 agus is minic a bhíonn a chuid ceoil le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar stáisiúin raidió éagsúla timpeall na tíre.

Mar chuid den chomóradh in 2013 beidh go leor ceardlann, ceolchoirm mhór, ranganna, léachtaí, seisiúin amhránaíochta agus sean-nóis mar aon le ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil ar siúl le linn chomóradh na bliana seo agus beidh neart ceoltóirí áitiúla ina measc.

Tuilleadh eolais: R: info@michorussellweekend.ie

Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ag: www.michorussellweekend.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Turas na bhFilí 2013 ar chuairt i gContae Mhaigh Eo

Tionól Niocláis Tóibín 2013

Scoil Cheoil an Earraigh ar an mBuailtín

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>