Beidh Comórtas Peile Pháidí Uí Shé na bliana seo á reáchtáil i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí i gceann coicíse agus beidh foirne ag teacht ó chian is ó chóngar chun páirt a ghlacadh sa chomórtas peile áirithe seo atá á cheiliúradh le ceithre bliana is fiche ar an bhfód i mbliana.
Sheol an Taoiseach Enda Kenney Comórtas Peile Páidi Uí Shé in óstán an Burlington seachtain ó shin áit ar bhailigh slua breá daoine in onóir iar-pheileadóir Chiarraí Páidí Ó Sé. Is comórtas idirnáisiúnta é seo a bheidh ar siúl i gceantar Dhaingean Uí Chúis agus i nGaeltahct Chorcha Dhuibhne agus i mbliana tá nasc iontach déanta le Tóstal Éireann chun cuairteoirí a thabhairt chuig an gceantar seo. Bhí tuiscint iontach ag Páidí ar Thóstal Éireann agus an tábhacht a bhaineann le daoine a mhealladh chun na tíre seo de bharr gur fear Gaeltachta go smior a bhí ann as Fionntrá a chuir a cheantar dúchais chun cinn i gcónaí.
Fuair Paidí Ó Sé bás gan choinne i mí na Nollag anuraidh agus is é seo an chéad bhliain don chomórtas seo a bheidh á reáchtáil dá uireasa. Bhí croí agus anam Pháidí sa pheil Ghaelach agus sa Ghaeilge i gcónaí. Bhí Páidí Ó Sé ina scoth de pheileadóirí na Ríochta a bhí ag imirt le foireann Chiarraí ag tús na n-ochtóidí agus ní dhéanfar dearmad go deo ar óráid Pháidí agus é ag glacadh le Corn Sam Maguire i mí Mheán Fómhair 1985. Bhain sé amach Craobh na hÉireann sa Pheil ocht n-uaire.
Thuig Paidí an tábhacht a bhí leis an bpeil i gcúrsaí cultúrtha agus teanga agus an nasc láidir idir an pheil Ghaelach agus tíortha eile thar lear. Bhí cúrsaí Gaelachais lárnach ina shaol agus bhaineadh sé an-solás as daoine óga a thabhairt chomh fada leis an Daingean agus taithí a fháil ar an bpeil agus ar chúrsaí Gaeilge agus oidhreacht an cheantair agus ba é shin ceann de na spriocanna a bhí leis an gcomórtas peile nuair a bhunaigh Páidí Ó Sé é sa bhliain 1989.
Beidh foirne éagsúla as Albain, An Bhreatain Beag, Sasana agus as tíortha ar fud na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar an Ríocht chun a bheith páirteach sa chomórtas seo a bheidh ar siúl i gCorcha Dhuibhne ón 22-24 Feabhra i 2013. Anuas ar na foirne a bheidh ag teacht ar cuairt chun na tíre seo beidh imreoirí as suas le caoga club mórthimpeall na tíre seo ag glacadh páirte sna comórtais chomh maith agus iad a tabhairt aghaidh ar Ard an Bhóthair.
Beidh ceithre ocht foireann san iomlán ag glacadh páirte sa chomórtas peile idirnáisiúnta seo idir fhoirne fir is mná. Beidh foirne ag teacht as An Bhruiséil, Munich na Gearmáine, Madrid na Spáinne mar aon le go leor cathracha eile.
Beidh cluichí á n-imirt ar pháirc Lios Póil, Abhainn an Scáil agus ar pháirc Ghallaras ag an deireadh seachtaine le foirne sóisir, idirmheánacha agus sinsir ag dul chun páirce. Beidh an cluiche ceathrú ceannais agus na cluichí leathcheannais ar siúl ar an Satharn agus beidh na comórtais ceannais á n-imirt ar an Domhnach idir meán lae agus 3:30pm.
Beidh coimhlint ghéar idir na foirne ar fad agus iad ag iarraidh corn a thabhairt abhaile leo agus ar ndóigh beidh comórtas sinsir na bhfear ar siúl ar an Domhnach agus beidh ‘Corn na nArm i gcuimhne Dermot Earle le tabhairt leo ag na buaiteoirí.
Mar aon leis an bpeil beidh taispeántais ghrianghraf mar aon le siamsaíocht agus ceol den scoth i dTeach Tábhairne Páidí Uí Shé i bhFionntrá.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
New TG4 lifestyle series seeking participants
Turas na bhFilí 2013 ar chuairt i gContae Mhaigh Eo
The Russell Memorial Weekend 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge