Anois teacht an Earraigh beidh deis iontach ag duine dhá dhlúthdhiosca le neart port agus sean-nóis orthu a bhuachan.
Tá an deis á thabhairt againn do dhuine na dlúthdhioscaí The Quiet House’ le Noreen O’Sullivan agus ‘Irish Traditional Sean-Nós Songs’ le Celia Ní Fhátharta a bhuachan.
Anuraidh seoladh an dlúthdhiosca ‘The Quiet House’ leis an gceoltóir Noreen O’Sullivan. Tá meascán iontach do phoirt, cornphíopaí, ríleanna agus fonn mall deas ar an dlúthdhiosca gleoite seo.
Is as Cor an Dola in oirthear na Gaillimhe do Noreen ó dhúchas ach tá cónaí uirthi i Leitir Ard i gCarna le blianta anuas agus ina cuideachta ar an dlúthdhiosca iontach seo tá a deartháireacha an fidléir clúiteach Frankie Gavin agus an boscadóir aitheanta Seán Gavin. Tá clú agus cáil ar Noreen as a cuid ceoil ar an bhfeadóg stáin.
Is as Baile na hAbhann i gConamara do Celia Ní Fhátharta agus ní aon ionadh go bhfuil na hamhráin agus an sean-nós ina cuid fola ón gcliabhán, mar is duine de dheirfiúracha Ghrealish as Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara a máthair.
Bhuaigh Celia Corn Uí Riada i 1999 agus d'imigh sí ar imirce go luath ina dhiaidh sin. Is fada lucht an tsean-nóis ag fanacht le taifeadadh uaithi ach b'fhiú an fanacht sin.
Tá an binneas, an brón agus an gealgháire le cloisteáil in glór maorga ar an taifeadadh álainn seo d’amhráin amhail Neainsín Bhán, Úna Dheas Ní Nia, Sagart na Cuile Baine mar aon le go leor eile.
Ceist na seachtaine seo:
Cén bhliain ar bhuaigh Celia Ní Fhátharta Corn Uí Riada ?
• 1984
• 2010
• 1999
• 2007
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 21 Feabhra 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Darren Ó Láimhín as Co. an Cabhán a bhuaigh duais an eagráin seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Turas na bhFilí 2013 ar chuairt i gContae Mhaigh Eo
Deireadh Seachtaine Cuimhneachán Mhico Russell
Scéim deontais €15,000 fógartha ag Rith
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge