Sa bhliain 1991 bhí Oireachtas na Gaeilge i gCluain Dolcáin i ndeisceart Átha Cliath agus d’éirigh thar barr leis agus mar chomóradh ar oireachtas 1991 beidh muintir Chronáin ag ceiliúradh na hócáide seo le ‘Tionól na Gaeilge’ in Áras Chrónáin ar an Satharn, 23 Feabhra 2013.
Mar chuid den Tionól beidh imeachtaí éagsúla ar siúl le neart siamsaíochta, ceoil thraidisiúnta, ceardlann, damhsa ar an sean-nós, drámaíochta mar aon le himeachtaí do dhaoine óga. Ar an 22 Feabhra beidh dráma á léiriú ag an gcomhlacht puipéadóireachta, amharclannaíochta agus drámaíochta Gaeilge Fíbín as Gaeltacht Chonamara.
Ag 8:00pm ar an Satharn beidh ceolchoirm mhór a dhéanfaidh ceiliúradh ar Oireachtas na Gaeilge 1991 agus tá sé seo eagraithe ag Áras Chrónáin i gcomhar le Tóstal Éireann.
I measc na n-aíonna beidh a t-amhránaí aitheanta as Conamara Máirtín Tom Sheánín Mac Donncha, fear a bhain amach Corn Uí Riada faoi dhó sna hochtóidí. Ar stáitse freisin beidh na hamhránaithe sean-nóis cumasacha Neill Ní Chroinín as Baile Átha an Ghaorthaidh, Máire Ní Chéilleachair as ceantar Mhúscraí agus an t-amhránaí iomráiteach Aodán Ó Ceallaigh as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge.
Le linn an Oireachtais sa bhliain 1991 bhuaigh an t-amhránaí iomráiteach as Tír Chonáil Lillis Ó Laoire Corn Uí Riada agus ag an gceiliúradh in Áras Chronáin beidh Lillis ar ais i gcuideachta go leor daoine eile a bhí páirteach in Oireachtas na Gaeilge dhá bhliain is fiche ó shin. Beidh ceoltóirí agus damhsóirí den scoth lárnach sa cheolchoirm freisin agus beidh sólaistí ar fáil ar an oíche.
Tá fáilte roimh an bpobal chuig an ócáid seo agus ceiliúradh a dhéanamh le muintir Chronáin ar an oíche agus tá ticéid ar fáil don cheolchoirm ar chostas €10.
Tuilleadh eolais:
T: +353 (0)1457 4847 / R: eolas@araschronain.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Deireadh Seachtaine Cuimhneachán Mhico Russell
Dlúthdhioscaí den scoth le buachan
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge