Tá fógartha ag an bhFondúireacht le seachtain anuas go bhfuil iarratais á lorg anois ó theagascóirí a mbeadh suim acu an Ghaeilge a mhúineadh taobh istigh den ollscoil, agus chun cuidiú le dul chun cinn na teanga i mbéal an phobail I gCeanada. Glacfar le hiarratais don scéim reatha go dtí 15 Márta 2013.
Gach bliain ceaptar méid áirithe teagascóirí in ollscoileanna ar fud Cheanada agus tugtar deis do mhúinteoirí reatha barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta agus cur lena n-eolas faoi shocaí agus faoi chultúr Cheanada.
Ceaptar go n-earcófaí ar a laghad triúr eile arís i mbliana agus tabharfar dámhachtain €1,600 in aghaidh na míosa don tréimhse Meán Fómhair 2013 – Bealtaine 2014 do na hiarrthóirí a n-éiríonn leo.Tá an scéim ar fáil dóibh siúd atá líofa sa Ghaeilge agus ní mór cáilíocht tríú leibhéal a bheith ag an té a earcófar. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Gaeilge@icuf.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Pleananna Teanga agus Polasaí Rialtais le plé ag Tóstal na Gaeilge
Ceart Cultúrtha an Pháiste faoi chaibidil ag Comhdháil Mheitheal na mBeag
Sceideal na gclár Gaeilge ar fáil anois
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge