Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013

$
0
0
Tá áthas ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar siúl arís i mbliana don séú bliain as a chéile. 
Reáchtálfar babhta ceannais an chomórtais i ‘Cois Teallaigh’, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2,  Dé hAoine 19 Aibreán 2013 mar chuid den mhalartú cultúrtha Gaeilge/Gàidhlig Turas na bhFilí 2013. Rachaidh filí agus ceoltóirí Albanacha, an file agus léachtóir Meg Bateman ina measc, ar thuras mórthimpeall Ghaeltacht Mhaigh Eo agus oileán Acla ón 17-19 Aibreán.

Is é an t-úrscéalaí agus an craoltóir Alan Titley a bheidh mar fhear an tí ag an ócáid agus tabharfar an deis do na cuairteoirí Albanacha amhráin agus ceol ó na garbhchríocha a chasadh don slua.
Bronnfar duais €500 agus Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar bhuaiteoir an chomórtais an oíche sin. Is iad an file aitheanta Gabriel Rosenstock agus Meg Bateman a bheidh mar mholtóirí ar Chomórtas Uí Néill i mbliana.

Is i gcomhluadar roinnt de na filí is fearr ón ghlúin seo a bheidh buaiteoir an chomórtais lena n-áirítear na hiarbhuaiteoirí Ailbhe Ní Ghearbhuígh, Máire Wren, Proinsias Mac a ‘Bhaird, Tadhg Ó Dúshláine agus Niall Gordon.
Is comórtas dátheangach ar théama oscailte é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Ní ghlacfar le níos mó ná trí iarratas ó gach iarratasóir. Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go maith roimh ré chomh maith. Ní ghearrfar costas ar iontrálacha. Is é 15 Márta 2013 an spriocdháta d’iontrálacha.

Roghnófar gearrliosta d’ochtar, as a mbeidh buaiteoir amháin ainmnithe ag oíche mhór filíochta agus cheoil ar an Aoine, 19 Aibreán 2013 in ionad Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 2.

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais agus ar rialacha an chomórtais ar an leathanach seo http://www.gaelport.com/comortasuineill.

Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Sibéal Davitt ag sdavitt@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.

Is comhthionscnamh é Turas na bhFilí 2013 idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Fèisean nan Gàidheal le tacaíocht ó Poetry Ireland agus Colmcille.

Preaseisiúint le Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge
Foilsithe 13 Feabhra 2013

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>