Tá an t-am sin den bhliain sroichte againn arís – ainmniúchán bhuaiteoirí Ghradam TG4 agus is gar go mbeidh an searmanas aitheanta seo á chraoladh ar scáileán TG4.
Gach bliain, tugann na gradaim seo aitheantas so cheoltóirí agus d’eagraíochtaí ar fud na tíre a bhfuil meas ar leith ag an bpobal orthu.
Is é Dermot Byrne, an boscadóir clúiteach leis an mbanna ‘Altan’ a ghlacfaidh le Gradam ceoil na bliana seo.
Is as Bun Cranncha do Dermot ó dhúchas agus d’fhoghlaim sé cuid mhór dá chuid ceoil ar dtús óna athair. Bhí sé mar aoi-cheoltóir ar dhá albam leis an ngrúpa Altan (The Red Crow agus Island Angel) sular cheangail sé go lán-aimseartha leis an ngrúpa sin i 1994. Is i gCinn Mhara ag ceann thoir chuan na Gaillimhe atá sé curtha faoi anois agus é ag casadh agus ag taifeadadh ceoil i gcónaí.
I measc na nduaiseoirí eile tá an fidléir óg as Muineachán, Dónal McCague atá ainmnithe mar cheoltóir óg na bliana; Michael Tubridy ceoltóir ar an bhfeadóg mhór as iarthar an Chláir a bhronnfar an gradam saoil air; Tommy Peoples, cumadóir, fidléir agus ball bunaithe den Bothy Band a ghlacfaidh le gradam an chumadóra; Séamus Ó Beaglaoich, amhránaí na bliana seo as Corca Dhuibhne agus bronnfar an gradam aitheantais ar Na Píobairí Uilinn, eagraíocht ar éirigh léi uirlis a bhí a mbaol báis a chaomhnú agus a chur chun cinn go héifeachtach.
Déanfar ceiliúradh ar Ghradam Ceoil TG4 i gcomhair le Tóstal Éireann 2013 ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar 30 Márta, áit a mbronnfar duais airgid agus dealbh speisialta coimisiúnaithe ag John Coll ar na buaiteoirí uilig.
Craolfar an ócáid mar chlár speisialta ar TG4 an lá dar gcionn, Domhnach Cásca agus é curtha i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird. Is féidir ticéid a chur in áirithe don cheolchoirm trí ghlaoch ar 061 331549 nó ar an suíomh idirlín www.uch.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 15 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013
Sceideal na gclár Gaeilge ar fáil anois
Físeán: Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge