I mbliana déanfar ceiliúradh ar chraoltóireacht teilifíse, raidió, scannáin agus ar fhorbairt eacnamaíoch na dtíortha Ceilteacha thar trí lá in Swansea (Abertawe) ó 24-26 Aibreán. Taispeántar ardchaighdeán tallainne i réimsí éagsúla ón Albain, Éire, an Bhreatain Bheag, an Chorn agus an Bhriotáin.
Tá sé léiriúchán de chuid TG4 luaite ar ghearrliostaí éagsúla craoltóireachta ag síneadh ón gclár is fearr do dhaoine óga go dtí an clár spóirt is Fearr:
Scéal na Gaeilge - ROSG
Rás Tailteann – Rothaí an tSaoil :- Dot Television
Jump Boy - Touchline media
John Doherty A Leirg na Gaoithe - Éabhlóid
Ó Tholg go Tolg - Red Pepper Productions
Chomh maith le héachtaí craoltóireachta TG4, tá an aip de chuid Cúla4 ‘CúlaCaint’ ainmnithe ar an ngearrliosta don Aip is Fearr.
Ó thaobh craoltóireachta raidió de, tá seacht n-ainmniúchán do RTÉ Raidió na Gaeltachta luaite ar ghearrliostaí na féile. Tá ainmniúchán faighte ag
Eibhlín Ní Chonghaile do Láithreoir Raidió na Bliana, agus tá an stáisiún ar an ngearrliosta do Stáisiún na Bliana freisin.
Tá trí chlár ceoil ón stáisiún ar an ngearrliosta don chlár ceoil is fearr, rannóg nua i mbliana: an clár aitheanta Ceol Binn ó na Beanna atá curtha i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha, An Taobh Tuathail, clár cheol ailtéarnach le Cian Ó Cíobháin agus an clár cheol tíre Tequila Tíre le Josie Ó Cualáin.
Tá an clár Spóirt an Luain le Seán Bán Breathnach agus Ciarán Ó Fátharta san iomaíocht don ghradam don chlár spóirt is fearr.
Tá an clár faisnéise ‘Ó Aird an Chaisleáin go Seattle’ a láithrigh agus a léirigh Mairéad Ní Chuaig, faoi shaol an amhránaí sean-nóis Joe Éinniú ar an ngearrliosta don chlár faisnéise is fearr.
Rachaidh Raidió na Life san iomaíocht le RTÉ Raidió na Gaeltachta don ghradam don stáisiún raidió is fearr. Fógrófar na torthaí I rith na féile idir 24 – 26 Aibreán.
© Foilsithe ar Gaelport.com 15 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Gradam Ceoil TG4 2013 le bronnadh ar Dermot Byrne
Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013
Físeán: Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge