Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Éigse an Spidéil 2013

$
0
0

Beidh Éigse an Spidéil na bliana seo ar siúl ar An Spidéal i gCo. na Gaillimhe ón 6-10 Márta 2013.

Féile phobail é seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhúchas, oidhreacht, cruthaíocht agus cumas ár muintire.

Beidh na gnáth-imeachtaí bliantúla ar an gclár: oíche mhór dhamhsa, oíche mhór cheoil, taispeántas ealaíne, siamsaíocht, ceolchoirm, siúlóid na hÉigse agus dár ndóigh an oíche filíochta. Beidh ceardlanna ar siúl i gcoláiste Chonnacht mar aon le neart siamsaíochta agus damhsa.

Beidh comórtas cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin don óige ar siúl in Óstán na Páirce, seo comórtas atá oscailte do dhaoine óga faoi bhun ocht mbliana déag d’aois.

Ar an Déardaoin 7 Márta in Óstán na Páirce le linn oscailt na hÉigse seolfar dlúthdhiosca le Pat Phadráig Tom as Leitir Péic nach maireann, duine de na hamhránaithe iomráiteacha as An Spidéal i gConamara agus is taifead iad seo dár tharla ina theach i rith na mblianta agus taifead a bhí sa chartlann i Raidió na Gaeltachta agus anois faoi dheiridh tá amhráin Phaitín ar fáil ar dhlúthdhiosca.

Ba chairde móra iad Pat agus an t-amhránaí clúiteach Joe Einniú as ceantar Iorras Aithneach agus is iomaí amhrán a fuair Pat ó Joe síos tríd na blianta.

Ar an oíche beidh ceiliúradh á dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Pat, fear a chaith blianta ag múineadh amhrán do ghasúir na háite agus ta sé an-fheiliúnach go mbeidh ceolchoirm mhór le gasúir óga na háite ar an oíche.

Anuas air seo beidh Ardán na hÉigse ar siúl i teach Tábhairne sa Tobar i sráidbhaile An Spidéil agus ar an 8 Márta beidh oíche mór filíochta agus siamsaíochta le filí agus ceoltóirí áitiúla ar siúl agus ina gcuideachta beidh an file aitheanta Nuala Ní Dhomhnaill.

Ag meán lae ar an Domhnach, 10 Márta beidh scéalaíocht den scoth i gColáiste Chonnacht leis an aisteoir agus an scríbhneoir cáiliúil, Diarmuid de Faoite, atá ag obair le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh agus i ndiaidh sin bronnfar gradaim chuimhneacháin Tom Phaidín Tom le linn chlabhsúr na hÉigse i dteach tábhairne Tigh Hughes sa Spidéal.

Tuilleadh eolais: Deirdre Nic Chonaonaigh, An Gaelacadamh Teo. 091-553124; deirdrenic@gmail.com: www.eigseanspideal.ie.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 15 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach fógartha

“Deis le tapú ag an Rialtas anois sólás a thabhairt do bhuairt Phobal na Gaeltachta”, a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2013

Físeán: Tóstal na Gaeilge 2013 | Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>