Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ó Bheal - léamh filíochta le Joe Steve Ó Neachtain

$
0
0

Bíonn oíche fhilíochta ‘Ó Bhéal’ á reáchtáil i gCorcaigh gach oíche Luain.

Bíonn file nua i láthair mar aoi speisialta gach seachtain chun píosa filíochta a aithris don lucht éisteachta agus beagán de chúlra na ndánta a thabhairt.

Ar an Luan, 11 Márta 2013 beidh oíche speisialta d’fhilíochta arna heagrú ag Ó Bhéal i gcomhar le Foras na Gaeilge agus beidh an file cumasach as Conamara Joe Steve Ó Neachtain ina aoi speisialta ag an ócáid seo agus leanfar le seisiún de mhic oscailte.

Ar an gCrí Dhubh sa Spidéal, Co na Gaillimhe a rugadh Joe Steve Ó Neachtain agus is ann atá cónaí air fós. Thóg sé suas a pheann sa bhliain 1969 agus níor scaoil sé uaidh ó shin é. Tá úrscéalta, dánta, gearrscéalta, drámaí, agallaimh bheirte, sceitsí agus amhráin scríofa agus foilsithe aige. Is mar aisteoir agus mar scríbhneoir is mó atá aithne air agus bíonn sé le feiceáil go rialta ar ‘Ros na Rún’ ar TG4.

Tá mórchuid duaiseanna Oireachtais buaite aige ar úrscéalta, ar ghearrscéalta agus ar scripteanna agus ar dhrámaí. I measc na nduaiseanna eile atá buaite aige tá Duaiseanna Slógadh, Jacobs Award ar ‘Bhaile an Droichid’ (1992), Duaiseanna ón gComhairle Ealaíon/Connaught Tribune, Féile Pan Ceilteach (1991) agus Gradam an Phléaráca (1997).

I measc na saothar atá foilsithe aige tá Lámh Láidir agus Scread Mhaidne (úrscéalta); In Ainm an Athar agus Níor Mhaith Liom do Thrioblóid (drámaí); Salann Garbh (gearrscéalta), De Dhroim Leice (filíocht – Cló Iar-Chonnacht, 1990) agus An Dé Deiridh (filíocht – Cló Iar-Chonnacht, 2008).

Ionad:The Hayloft, The Long Valley (thuas an staighre), Sráid Winthrop, Corcaigh

Am: 9pm

Beár ar oscailt / Tae & Caife ar fáil

Cuirfear tús leis an oíche ag 9 nó 9.30pm

Tuilleadh eolais

Guthán: 085 712 6299

www.obheal.ie

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Éigse an Spidéil 2013

Físeán: An bhfuil ann don Ghaeltacht sa bhliain 2013?

As na Nuachtáin: Gradam Glór na nGael prize for RTÉ Raidió na Gaeltachta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>