Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Leabhar úr – ‘Titim agus Éirí’ le buachan

$
0
0
An tseachtain seo beidh an leabhar ‘Titim agus Éirí’ le Diarmuid Breathnach le bronnadh ar dhuine againn. Níl ort ach an cheist shimplí seo ag deireadh an ailt a fhreagairt chun a bheith san iomaíocht don duais álainn seo.

Ag ócáid mhór i gCathair na Mart le linn Scoil Gheimhridh Merriman i dtús na míosa seo ba é Liam Mac Con Iomaire a thug óráid a sheolta do ‘Éirí agus Titim’ beathaisnéis an bheathaisnéisora Diarmuid Breathnach atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Tá aithne ag an saol fódlach agus ag pobal na Gaeilge go háitrithe ar Dhiarmuid Breathnach as a chuid scríbhneoireachta, an bhaint a bhí aige le Cumann Merriman, a chuid craoltóireachta le RTÉ agus thar aon ní eile, i ngeall ar a chuid oibre leis an naoi n-imleabhar den saothar Beathaisnéis, breis agus 1,700 cuntas ar bheathaí mhórphearsanra na Gaeilge ón mbliain 1560 anuas a thabhairt ar an saol.

An babhta seo sa leabhar ”Éirí agus Titim” tugann Diarmuid cuntas ar a bheatha féin agus é ag fás aníos i gCo. Chill Mhantáin.

Ceist na seachtaine seo:

Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh an leabhar ”Éirí agus Titim”
• An Gúm
• Cló Iar-Chonnacht
• Cló Mhaigh Eo
• Coiscéim

Seol freagraí chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@gaelport.com roimh mheán lae, Déardaoin, 07 Márta 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Íte Ní Chionnaith a bhuaigh an duais san eagrán seo caite.

Táimid fíorbhuíoch de Chló Iar-Chonnacht a bhronn an duais iontach seo orainn.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Ó Bheal - léamh filíochta le Joe Steve Ó Neachtain

Éigse an Spidéil 2013

Físeán: An bhfuil ann don Ghaeltacht sa bhliain 2013?

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>