Is é seo an chéad uair don stáisiún ainmniúchán a fháil sna Gradaim chlúiteacha seo agus is siombail í den ardchaighdeán craoltóireachta a léiríonn an stáisiún nach bhfuil ach ceithre bhall foirne lánaimseartha fostaithe ann.
Bunaíodh an stáisiún i 1993 chun seirbhís raidió pobail a sholáthar trí Ghaeilge do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus neamhbhrabúsach. Thar na blianta, tá tromlach de mhórchraoltóirí Gaeilge na tíre seo tar éis a dtaithí oibre a thosú ann, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aideen Gormley (Lyric FM), Clíona Ní Chíosáin (Aifric ar TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Barbara Ní Dhonnachadha, Darragh Ó Tuama agus neart eile nach iad.
Agus é ag labhairt ar fhógairt an ghearrliosta, dúirt Bainisteoir Raidió na Life, Muiris Ó Fiannachta:
“Nuair a chuirtear sin i gcomparáid le cuid de na stáisiúin eile atá ainmnithe i rannóg ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ linn – stáisiúin ina bhfuil na scórtha de bhaill foirne mar aon le hacmhainní i bhfad níos fairsinge ná muid. Léiríonn sin ann féin an fuinneamh, an spiorad agus an draíocht ar leith a bhaineann le Raidió na Life mar stáisiún.”
Tagann breis agus 100 oibrí deonach trí dhoirse an stáisiúin gach uile sheachtain agus ardmholadh ag dul dá ndiongbháilteacht don chraoltóireacht trí Ghaeilge agus dá dtacaíocht don phobal i gcoitinne.
Cuireann an stáisiún deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine ar mhian leo taithí a fháil in earnáil na craoltóireachta trí oibrithe deonacha a earcú an t-am ar fad. Más mian leat iarratas a chur isteach don obair dheonach seo, is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Raidió na Life trí r-phost a sheoladh chuig eolas@raidionalife.ie nó cuir scairt ar 01-6616333.
I mbliana déanfar ceiliúradh ar chraoltóireacht teilifíse, raidió, scannáin agus ar fhorbairt eacnamaíoch na dtíortha Ceilteacha thar trí lá le linn Fhéile na Meán Ceilteach in Swansea (Abertawe) ó 24-26 Aibreán, áit a bhfógrófar na torthaí.
© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Leabhar úr – ‘Titim agus Éirí’ le buachan
Ó Bheal - léamh filíochta le Joe Steve Ó Neachtain
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge