Reáchtáladh Lá Gaeilge sa Dáil le linn Sheachtain na Gaeilge na bliana seo caite mar thoradh ar fheachtas de chuid Aengus Ó Snodaigh TD agus tá beartaithe go leanfar leis arís i mbliana mar aon le himeachtaí eile a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn i measc bhaill an Oireachtais.
Tá iarrtha ag Príomh-Aoire an Rialtais go ndéanfaidh muintir an Oireachtais a ndícheall aon ghnó is féidir a dhéanamh trí Ghaeilge le linn na Féile agus go háirithe ag na himeachtaí a bheidh ar siúl ar 5, 6 agus 7 Márta.
Cuirfidh an Coiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr, agus Gaeltacht fáilte roimh dhaltaí scoile a bheidh ar chuairt ó cheantair éagsúla sa tír ar an Máirt, 5 Márta. Beidh daltaí ó Choláiste Cois Life i mBaile Átha Cliath, Coláiste Cholmcille in Indreabhán agus Maria Immaculata Community College, Dún Mánmhaí os comhair an Choiste ar an lá lena gcuid tuairimí ar réimse leathan ábhar a phlé trí mheán na Gaeilge.
Titfidh Lá na Gaeilge sa Dáil amach ar an gCéadaoin, 6 Márta. D’éirigh go maith le himeacht na bliana seo caite agus beifear ag súil leis an gcur chuige céanna in 2013 le Teachtaí Dála ag plé chúrsaí an lae agus seisiúin Ceisteanna ar an gCeannaire go hiomlán trí Ghaeilge.
Tá molta ag Príomh-Aoire an Rialtais go nglacfaidh baill Thithe an Oireachtais uile páirt sa cheiliúradh agus tabharfar deis do na hionadaithe a gcuid Gaeilge a chleachtadh ag ciorcal comhrá ar leith atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge go speisialta don ócáid.
© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Físeán: Tóstal na Gaeilge 2013 | Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge
Físeán: An bhfuil ann don Ghaeltacht sa bhliain 2013?
As na Nuachtáin: Money on Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge