Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comhluadar na fíorú aislingí le linn Sheachtain na nInnealtóirí

$
0
0

Tá Comhluadar ag reáchtáil lá teaghlaigh i gColáiste na Tríonóide mar chuid de Sheachtain na nInnealtóirí ar 2 Márta.

Fíorú Aislingí is ea mana sheachtain na nInnealtóirí i mbliana agus é bunaithe ar an tsamhail go ndéanann innealtóirí an tsamhlaíocht a mheascadh leis an eolaíocht ar mhaithe le feabhas a chur ar an domhan ina mairimid.

Is é sprioc Sheachtain na nInnealtóirí feasacht a chruthú i measc daoine óga faoin méid a dhéanann innealtóirí na tíre seo trí theagmháil dhíreach a dhéanamh leo siúd ata ag plé leis an ngairm bheatha seo ó lá go lá.

Ta Comhluadar tar éis céim níos faide a thógáil agus innealtóireacht a mheascadh leis an nGaeilge! Tabharfaidh an ócáid seo deis do teaghlaigh gléasanna leictreacha a chruthú; guthú leictreonach a chruthú as Gaeilge; fáil amach conas a thomhaiseann innealtóirí an talamh chun bóthar nó foirgneamh a leagan amach; conas fómhair fuinnimh a bhaint ón ngaoth - agus neart eile.

Seo amchlár an lae:

11:00 Makeshop - deis trialacha spraíúla Innealtóireachta a chruthú!

12:00 Caint & léiriú ar an sintéiseoir cainte Abair.ie le Neasa Ní Chiaráin, TCD

12:45 - 13.15 Lón

13:15 Bí i do shuirbhéir! Bain triail as teodailít chun an fhaiche a thomhas. Réamonn Mac Réamoinn ROD

14:00 Caint: Fuinneamh in-athnuaite in Éirinn, le Bernice Doyle, Innealtóir le Airtricity

15:00 Caint: Eachtraí Mata le Fiacre Ó Cairbre, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Chun áit a chuir in áirithint gabh i dteagmháil le: Nicole Ní Cheallaigh, imeacht@comhluadar.ie / (01) 4789191. Ní mór do thuismitheoirí a bheith I gcuideachta na bpáistí.

 

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Leabhar úr – ‘Titim agus Éirí’ le buachan

Raidió na Life ainmnithe den chéad uair ar Ghearrliosta ‘Stáisiún Raidió na Bliana’

Ó Bheal - léamh filíochta le Joe Steve Ó Neachtain

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>