Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Deireadh le Gaelscéal – céard a thiocfaidh ina áit?

$
0
0

Foilseofar an t-eagrán deireanach den nuachtán Gaeilge seachtainiúil Gaelscéal maidin amárach, 27 Feabhra agus is cosúil go bhfuil neart ceisteanna móra le freagairt maidir le todhchaí na meán clóite Gaeilge.

Léiríodh díomá ag cruinniú den Chomhchoiste Cultúir Ealaíona agus Fóillíochta Thuaisceart Éireann sa Tionól nuair a pléadh cás Ghaelscéal Déardaoin seo caite.

Dúirt Doiminic Ó Brolacháin, MLA, nár thug Foras na Gaeilge ‘míniú sásúil’ maidir leis an gcinneadh a glacadh deireadh iomlán a chur le Gaelscéal.

Agus é ag labhairt ar Nuacht TG4 dúirt Ó Brolacháin: “Nuair a thosaigh siad amach leis an gconradh seo, sílim go raibh na figiúir díolacháin ar raibh siad ag éileamh ó Ghaelscéal neamhréadúil”

Fáth amháin a luadh ná nach raibh Foras na Gaeilge ag fáil ‘luach ar airgead’ ar an maoiniú a bhí á gcur ar fáil don fhoilseachán.
Luaigh Foras na Gaeilge gur díoladh 1300 cóip sa tseachtain in 2010, 1,500 sa tseachtain sa bhliain 2011 agus gur thit an figiúr arís in 2012 le 1,300 cóip díolta sa tseachtain.

Sa bhliain 2010 níor éirigh le Torann na dTonn buaiceanna an nuachtáin a shroicheadh agus arís ag deireadh na bliana 2012, glacadh an cinneadh ansin i mí Eanáir 2013 deireadh a chur leis an nuachtán.

Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: “Tá deacrachtaí ag nuachtáin fud an domhain le dáileachán agus tá deacrachtaí ag nuachtáin fud an domhain le díolachán. Beidh an Coiste agus an Bord ag amharc ar na ceisteanna seo agus muid ag iarraidh teacht ar sheirbhís phobal na Gaeilge, seirbhís nua nuachta.”

Faoi láthair tá pobal na Gaeilge ag iarraidh a fháil amach céard iad na céimeanna a ghlacfaidh an Foras anois i dtaobh foilseachán nua a chur ar fáil agus cén saghas seirbhís nuachta a thiocfaidh in áit Ghaelscéal.

Tá Foras na Gaeilge anois i mbun taighde ar mhaithe leis an gceist mhór a fhreagairt - an bhfuil éileamh ar nuachtán Gaeilge nó an fearr seirbhísí nuachta a choinneáil ar líne amháin do phobal na Gaeilge. Scaipfear suirbhé go luath le fáil amach cén meán a oireadh don fhoilseachán a thiocfaidh in áit Ghaelscéal.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 26 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Seachtain na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Comhluadar na fíorú aislingí le linn Sheachtain na nInnealtóirí

As na Nuachtáin: Nuachtán eile?

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaelscéal


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>