Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Údaráis Áitiúla Dhún na nGall ag dréachtú an tríú scéim teanga

$
0
0
Tá Údaráis Áitiúla Dhún na nGall, ar a bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairlí Baile Bhun Dobhráin, Bhun Cranncha, Bhéal Átha Seanaidh agus Leitir Ceanainn, ag lorg thuairimí an phobail maidir leis na seirbhísí Gaeilge a chuireann na hÚdaráis ar fáil dá gcustaiméirí.

Fáiltóidh Údaráis Áitiúla Dhún na nGall roimh aighneachtaí maidir le hullmhú an tríú dréachtscéim ó aon pháirtithe leasmhara.

Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig sdaimhin@donegalcoco.ie.

Nó, ina ionad sin, is féidir iad a sheoladh fríd an phost chuig:

Seán Ó Daimhín,
Oifigeach Forbartha Gaeilge,
Ceannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall,
Leifear,
Contae Dhún na nGall

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 4.30pm Dé hAoine, 15 Márta, 2013.

Is féidir chomh maith d’aighneacht a thabhairt isteach chuig aon cheann d’Ionaid Seirbhísí Pobail na nÚdarás nó do Chomhairlí Baile, ach an seoladh thuas a bheith scríofa ar an chlúdach.

Is féidir eolas a fháil ar scéim reatha Údaráis Áitiúla Dhún na nGall 2010-2013 ar ár suíomh gréasáin ag www.ccdhunnangall.ie.

Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí atá á soláthar don phobal ag Údaráis Áitiúla Dhún na nGall ar fáil ag www.ccdhunnangall.ie; www.buncrana.ie; www.bundoran.iewww.letterkenny.ie; agus www.ballyshannon.ie.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie agus ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga ag www.coimisineir.ie.

Aighneachtaí

Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí ón bpobal.  Is féidir leis na comhlachtaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aschur a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar chíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:

• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta poiblí – poist a chur ar leataobh
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe

©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Feabhra 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Seachtain na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Físeán: An bhfuil ann don Ghaeltacht sa bhliain 2013?

“Deis le tapú ag an Rialtas anois sólás a thabhairt do bhuairt Phobal na Gaeltachta”, a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>