Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tionchar na nÉireannach i Meiriceá Thuaidh le plé ag Éigse Cholm Cille

$
0
0
Reáchtálfar Éigse Cholm Cille i gColáiste Mhig Aoidh, Doire ar an Aoine 1 Márta agus ar an Satharn 2 Márta.

Is é téama na hÉigse i mbliana ná ‘AnGhaeilge san Oileán Úr.’ Ar an drochuair, tá an imirce ar ais mar ghné de shaol na hÉireann, agus tá na mílte ag dul thar lear mar gheall ar an tubaiste eacnamaíochta.

B’fhearr i bhfad na daoine óga a bheithábalta fanacht sa bhaile agus cuidiú le hatógáil na tíre. Ach tá taobh dearfach ag an imirce agus cuireann an Éigse béim air sin. Léireoidh na léachtaí an tionchar a bhí ag na hÉireannaigh ar an saol i Meiriceá Thuaidh agus tionchar na scoláirí go háirithe.

Tosóidh an Éigse ar an Aoine ar 7i.n. le cur síos ar scoláireachtaí in Éirinn, sna Stáit agus i gCeanada. 

Ansin tabharfaidh an tOllamh Peadar Ó Tomhnair (Ollscoil New Brunswick) léacht na hÉigse ar an dóigh artháinig an Ghaeilge slán in oirthear Cheanada.

Beidh dreas ceoil agus amhrán ina dhiaidh sin. Beidh trí chaint ann maidin Dé Sathairn ar iriseoireacht na Gaeilge i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe, ar stair na Gaeilge mar ábhar ollscoile thall, agus ar theagasc na Gaeilge do na Meiriceánaigh.

Beidh seoladh leabhar ann roimh an lón. I ndiaidh am lóin, beidh léacht ar scríobhaithe Gaeilge sna Stáit Aontaithe sa 19ú haois agus léacht eile ar an scoláire Risteárd de Hindeberg.

Idir 3.45 agus 5.00 tabharfaidh roinnt daoine acadúla cur síos ar a dtaithí oibre san Oileán Úr.

Foilsithe ar Gaelport.com 28 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Féile Litríochta do Dhéagóirí

Seimineár in Óstán Buswells, 1 Márta

Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #éigse


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>