Is é téama na hÉigse i mbliana ná ‘AnGhaeilge san Oileán Úr.’ Ar an drochuair, tá an imirce ar ais mar ghné de shaol na hÉireann, agus tá na mílte ag dul thar lear mar gheall ar an tubaiste eacnamaíochta.
B’fhearr i bhfad na daoine óga a bheithábalta fanacht sa bhaile agus cuidiú le hatógáil na tíre. Ach tá taobh dearfach ag an imirce agus cuireann an Éigse béim air sin. Léireoidh na léachtaí an tionchar a bhí ag na hÉireannaigh ar an saol i Meiriceá Thuaidh agus tionchar na scoláirí go háirithe.
Tosóidh an Éigse ar an Aoine ar 7i.n. le cur síos ar scoláireachtaí in Éirinn, sna Stáit agus i gCeanada.
Ansin tabharfaidh an tOllamh Peadar Ó Tomhnair (Ollscoil New
Beidh dreas ceoil agus amhrán ina dhiaidh sin. Beidh trí chaint ann maidin Dé Sathairn ar iriseoireacht na Gaeilge i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe, ar stair na Gaeilge mar ábhar ollscoile thall, agus ar theagasc na Gaeilge do na Meiriceánaigh.
Beidh seoladh leabhar ann roimh an lón. I ndiaidh am lóin, beidh léacht ar scríobhaithe Gaeilge sna Stáit Aontaithe sa 19ú haois agus léacht eile ar an scoláire Risteárd de Hindeberg.
Idir 3.45 agus 5.00 tabharfaidh roinnt daoine acadúla cur síos ar a dtaithí oibre san Oileán Úr.
Foilsithe ar Gaelport.com 28 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Seimineár in Óstán Buswells, 1 Márta
Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #éigse