Is córas scrúdaithe é TEG d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Tá éileamh leanúnach ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoirí Gaeilge ar cháilíocht TEG atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, Forbairt Naíonraí Teoranta, Coimisiún Fulbright agus eagraíochtaí eile.
Tá sé fógartha ag Ionad na dTeangacha Ollscoil na hÉireann Má Nuad go mbeidh scrúduithe Gaeilge á reáchtáil i naoi n-ionad ar fud na tíre agus thar lear i Nua Eabhrac, Páras agus Ottawa.
Tá gné nua ag baint leis an gcóras scrúdaithe i mbliana dírithe ar scileanna labhartha amháin. Is féidir páirtchreidiúint TEG a bhaint amach agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh ag gach leibhéal. Is buntáiste mór é an pháirtchreidiúnt seo do dhaltaí meánscoile atá ag réiteach do scrúduithe cainte Gaeilge mar aon le daoine fásta a bhfuil cumas láidir labhartha acu.
Is é an spriocdháta d’iarratais ná 21 Márta 2013. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.teg.ie nó glaoch a chur ar (01) 708 3737.
© Foilsithe ar Gaelport.com 5 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Tionchar na nÉireannach i Meiriceá Thuaidh le plé ag Éigse Cholm Cille
Moltaí an Phobail ó Thóstal na Gaeilge 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge