Tá fógartha ag TG4 go bhfuil iarratais ar sheirbhísí éagsúla á lorg ag an stáisiún teilifíse. Is í an Aoine 30 Márta an spriocdáta d’iarratais.
Seirbhís 3 bliana ag tosú ón 01/06/13. Beidh an rogha ag TG4 ag deireadh na tréimhse síneadh suas le 2 bhliain a chur leis an gconradh.
Is seirbhís lárnach í seo in oibríocht TG4, soláthar seachtainiúil eolais, scríofa go mealltach, ar chlár-sceideal TG4 d’fhoilseacháin éagsúla, idir chló agus leictreonach:
Measfar iarratais don tseirbhís seo de réir an gcritéar seo a leanas :
I measc na gcúramaí, beidh:
Tá faoi TG4 Cartlannú a dhéanamh ar a ábhar físe ar fad, 20,000 uair an chloig de chláir teilifíse. Togra ilbhliana é seo atá ag brath ar iarratas maoinithe ó fhoinse seachtrach.
Bheadh an comhlacht a roghnófar freagrach do Choiste Bainistíochta Cartlainne TG4 agus ag obair go dlúth le foireann theicniúil agus leabharlainne TG4 féin, agus ag úsáid áiseanna agus córais TG4 do chatalógú .
Measfar iarratais don tseirbhís seo de réir an gcritéar seo a leanas:
Is obair luachmhar í seo ag cruthú ceangail le pobal féachana TG4 chun lucht féachana nua a mhealladh d’ábhar clár TG4 ar teilifís agus ar líne. Beidh dlúthcheangal idir an té a cheapfar agus foireann Dhigiteach agus Mhargaíochta TG4.
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Éigse an Spidéil 2013
Bain cáilíocht idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge
As na Nuachtáin: Leabhar nua dánta i gcló ag Cathal Ó Searcaigh
1. SEIRBHÍSÍ EOLAIS SCEIDEAL
I saol na géar-iomaíochta teilifíse, is minic rogha féachana an phobail ag brath cuid mhaith ar fheabhas agus ar mhealltacht an réamheolais a chuirtear ar fáil dó i bhfoilseacháin agus ar an scáileán. Bíonn meascán den iriseoireacht, den mhargaíocht agus den fhógraíocht i gceist i ndréachtú an réamheolais seo.
Fáilteoidh TG4 roimh thairiscintí do Sholáthar Eolais & EPG
Seirbhís 3 bliana ag tosú ón 01/06/13. Beidh an rogha ag TG4 ag deireadh na tréimhse síneadh suas le 2 bhliain a chur leis an gconradh.
Is seirbhís lárnach í seo in oibríocht TG4, soláthar seachtainiúil eolais, scríofa go mealltach, ar chlár-sceideal TG4 d’fhoilseacháin éagsúla, idir chló agus leictreonach:
- Eolaire Leictreonach Clár (EPG) Béarla + Gaeilge (maximum 160 carachtar san iomlán)
- Blúirín beacht le leaganacha Béarla + Gaeilge do gach eipeasóid (maximum 240 carachtar san iomlán do gach iontráil)
- Cuntas ina bhfuil leaganacha Béarla + Gaeilge ar gach eipeasóid (maximum 640 carachtar do gach iontráil)
- Achoimre ghearr ghinearálta ar gach sraith (leagan Gaeilge agus leagan Béarla, maximum 240 carachtar do gach iontráil)
- Cuntas gearr Béarla + Gaeilge ar gach sraith (maximum 640 carachtar do gach iontráil)
- Mear-Líne amháin mealltach do gach clár (maximum 80 carachtar)
Tá cumas scriptscríbhneoireachta, Gaeilge agus Béarla mar aon le scileanna próiseála focal rí-thábhachtach don dréachtú mar aon le cumas ar bhogearraí sainiúla ríomhaireachta don seachadadh chuig úsáideoirí éagsúla.
Measfar iarratais don tseirbhís seo de réir an gcritéar seo a leanas :
- Cumas agus snas script-scríbhneoireachta sa dá theanga
- Scil eagarthóireachta ar an eolas
- Cruinneas sa dá theanga
- Cumas eagrúcháin agus riaracháin
- Ábaltacht oibriú faoi bhrú agus de réir sprioc-ama
- Tuiscint ar an teicneolaíocht ábharach, reatha agus amach anseo
- Rialú caighdeán, idir theanga agus theicniúil
- Luach na tairisceana
2. COMHAIRLEOIREACHT TEANGA
Fáilteoidh TG4 roimh thairiscintí do Sheirbhís chomhairleoireachta teanga: Seirbhís 3 bliana ag tosú ón 01/06/13.
Beidh an rogha ag TG4 ag deireadh na tréimhse síneadh suas le 2 bhliain a chur leis an gconradh, ar fheidhmiú shásúil an chonartha.
Beidh an rogha ag TG4 ag deireadh na tréimhse síneadh suas le 2 bhliain a chur leis an gconradh, ar fheidhmiú shásúil an chonartha.
I measc na gcúramaí, beidh:
- Súil ghéar a choinneáil ar sceideal craolta TG4 agus moltaí a dhéanamh ar bhonn rialta maidir le nósmhaireachtaí, cruinneas agus réim teanga na Gaeilge mar aon le cruinneas agus urlabhra ar chraolta agus ar ábhar TG4.
- Seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil ó am go chéile. Measfar iarratais don tseirbhís seo de réir an gcritéar seo a leanas :
- Cumas agus cruinneas Gaeilge
- Ábaltacht oibriú faoi bhrú agus de réir sprioc-ama
- Taithí ar chomhairleoireacht teanga
- Tuiscint ar an teicneolaíocht ábharach, reatha agus amach anseo
- Rialú caighdeán
- Luach na tairisceana
3. BAINISTÍOCHT THIONSCADAL CARTLAINNE
Fáilteoidh TG4 roimh Léirithe Spéise do sheirbhís Thionscadal Cartlainne.
Seirbhís 3 bliana ag braith ar iarratas maoinithe ó fhoinsí seachtarach le rogha ag TG4 síneadh bliana a chur leis an gconradh, ar fheidhmiú shásúil an chonartha.
Tá faoi TG4 Cartlannú a dhéanamh ar a ábhar físe ar fad, 20,000 uair an chloig de chláir teilifíse. Togra ilbhliana é seo atá ag brath ar iarratas maoinithe ó fhoinse seachtrach.
Fáilteofar roimh léirithe spéise ó chomhlachtaí do sholáthar seirbhíse mar bhainisteoirí togra ar an obair seo do TG4. Bheadh earcú, maoirsiú agus bainistíocht foirne do dhigitiú na cartlainne físe seo i gceist, corrsheiceáil, catalógú agus deimhniú caighdeán ar bhealach a d’éascódh cuardach agus mion-scagadh ar an ábhar amach anseo. Beidh gá le foireann oilte theicniúil agus leabharlainne.
Bheadh an comhlacht a roghnófar freagrach do Choiste Bainistíochta Cartlainne TG4 agus ag obair go dlúth le foireann theicniúil agus leabharlainne TG4 féin, agus ag úsáid áiseanna agus córais TG4 do chatalógú .
Measfar iarratais don tseirbhís seo de réir an gcritéar seo a leanas:
- Cumas agus cruinneas Gaeilge
- Ábaltacht foireann a earcú agus proiséas a bhainistiú.
- Cúram do mhionshonraí agus do rialú caighdeáin
- Taithí agus tuiscint ar chatalógú
- Tuiscint ar an teicneolaíocht ábharach, agus ar chláir bunachair & cumas córais nua ríomhaireachta a láimhseáil.
- Eolas ar chlársceideal TG4
- Luach na tairisceana
4. SEIRBHÍSÍ - MEÁIN SHÓISIALTA
Fáilteoidh TG4 roimh thairiscintí do sholáthar sheirbhís sna Meáin Shóisialta / Digiteacha.
Conradh bliana ó 1 Bealtaine 2013 go 1 Bealtaine 2014 atá i gceist, le rogha ag TG4 síneadh bliana a chur leis an gconradh, ar fheidhmiú shásúil an chonartha.
Is obair luachmhar í seo ag cruthú ceangail le pobal féachana TG4 chun lucht féachana nua a mhealladh d’ábhar clár TG4 ar teilifís agus ar líne. Beidh dlúthcheangal idir an té a cheapfar agus foireann Dhigiteach agus Mhargaíochta TG4.
I measc na bpríomh-chúramaí, beidh:
- Feidhmiú plean margaíochta shóisíalta reatha do TG4
- Roghnú / Cruthú ábhar le dáileadh trí na Meáin Shóisialta
- TG4 a chur in aithne do phobal domhanda trí na meáin shóisialta
- Líon íoslódála d’Aip TG4 a mhéadú
- Treoir agus tacaíocht sna meáin shóisialta a sholáthar do léiritheoirí TG4
- Tuairisciú rialta a dhéanamh ar sheasamh TG4 sna meáin shóisialta.
Tá saineolas agus taithí phraicticiúil sna meáin dhigiteacha, mar aon le scileanna margaíochta, cumas scríofa Gaeilge agus Béarla agus ardchumas in obair fhoirne tábhachtach don tseirbhís seo.
Measfar na h-iarratais don tseirbhís de réir an gcritéar seo a leanas:-
- Eolas & tuiscint ar TG4.
- Eolas & tuiscint ar na Meáin shóisialta / dhigiteacha – nua agus reatha.
- Cumas eagrúcháin agus obair fhoirne.
- Cumas mionscagtha agus tuairiscithe eolas.
- Luach na tairisceana.
Mar chuid den iarratas, ba chóir cur síos a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
- Taithí an chomhlachta.
- Moltaí an chomhlachta do sheasamh TG4 ins na Meáin Shoisialta.
- Costas an chonartha.
Tuilleadh eolais ar fáil ar TG4.ie.
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Éigse an Spidéil 2013
Bain cáilíocht idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge
As na Nuachtáin: Leabhar nua dánta i gcló ag Cathal Ó Searcaigh
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com #gaeilge #tg4