Is é seo an chéad uair don fhéile fhadmharthanach seo a bheidh á cheiliúradh sna tithe rialtais ó thuaidh agus is céim mhór í seo i dtreo chur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail.
Is í an tAire Uí Chuilín a chur tús leis an bhfeachtas Líofa 2015 sa bhliain 2011 agus é ag dul ó neart go neart ó shin. Tá sé mar bhunaidhm ag an bhfeachtas leanúnach seo claontaí lonnaithe sa tsochaí i leith na teanga a bhriseadh agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach dearfach, fáilteach agus úsáideach.
Táthar ag súil go spreagfar daoine le linn Sheachtain na Gaeilge síniú suas don scéim Líofa agus an Ghaeilge a fhoghlaim o bhunús nó feabhas ar a chur ar a bhfuil acu cheana féin. Fáilteofar roimh chainteoirí éagsúla cibé cúlra nó traidisiún a bhaineann leo leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a spreagadh i measc an phobail. Is féidir síntiús a ghlacadh le Líofa 2015 anseo.
Tá Seachtain na Gaeilge 111 bliain d’aois i mbliana agus is í an fhéile Ghaeilge is mó iomrá ar fud an domhain. Ta neart imeachtaí cláraithe fud fad na tíre don choicís atá romhainn agus is féidir súil a choimeád ar an gníomhaíocht Ghaelach ar fad ar aip úr de chuid Sheachtain na Gaeilge le haghaidh gutháin chliste agus ar www.snag.ie.
Is cuid lárnach í Seachtain na Gaeilge den mhórfhéile ‘Bliain na Gaeilge’ dhéanfaidh ceiliúradh leanúnach ar an teanga don bhliain 2013.
© Foilsithe ar Gaelport.com 5 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Bain cáilíocht idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge
Tionchar na nÉireannach i Meiriceá Thuaidh le plé ag Éigse Cholm Cille
Ranganna Gaeilge i nDún Uladh, An Ómaigh
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge