Beidh sé de chúram ag Méara Cathrach na Gaillimhe an Comhairleoir Terry O’Flaherty, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2013 a fhógairt ar an Máirt 12 Márta 2013 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaillimhlegaeilge
Is fiú breis agus €17,000 luach iomlán na nduaiseanna agus na mbuntáistí a bheidh á chur ar fáil sa chomórtas atá eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge.
Tá 20 gnólacht ó earnálacha éagsúla ag glacadh páirte sna gradaim i mbliana agus astu siúd tá 13 chomhlacht nua ag glacadh páirte sna gradaim don chéad uair.
Dar le Gearóidín Ní Ghioballáin, Bainisteoir Tograí le Gaillimh le Gaeilge, “Léiríonn sé seo an méadú atá tagtha ar an tsuim agus ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar aon leis an tiomantas atá ann le Gaillimh a chur chun cinn mar chathair dhátheangach chun Stádas dátheangach a bhaint amach di”.
Tá ceithre chatagóir i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh arís i mbliana: Miondíol, Turasóireacht & Fáilteachtas, Seirbhísí agus Comhlachtaí Eile. Roghnófar gearrliosta ón gceithre chatagóir agus roghnófar buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gceithre chatagóir.
Is iad An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil Ghnó-Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, Siubhán Nic Grianna, Údarás na Gaeltachta, Áine Ní Chiaráin, Saoririseoir agus ball de Bhord Fhoras na Gaeilge agus Aindriú D’Arcy, Stiúrthóir Ghaillimh le Gaeilge moltóirí an an chomórtais i mbliana. Fógrófar gearrliosta na bliana seo ar www.gleg.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaillimhlegaeilge