Seasann an téarma WWOOF le haghaidh ‘World Wide Opportunities on Organic Farms’ agus tá TG4 tar éis brí Ghaelach a thabhairt don choincheap i bhfoirm sraithe.
Cuireadh tús leis an eagraíocht sna seachtóidí agus an coincheap atá leis ná go dtéann lucht WWOOFÁLA chuig feirmeacha atá páirteach san eagraíocht agus go saothraíonn siad lóistín agus bia ar a gcuid oibre ar na feirmeacha. Tá suas le 11,000 feirm óstach i mbreis is 50 tír anois páirteach san eagraíocht.
Déanfaidh an tsraith nua ‘Wwoofáil’ de chuid Stirling Film and Television Productions cur síos ar eachtraí na láithreoirí aitheanta Mairéad Ní Chuaig agus Conall Ó Máirtín agus iad I mbun feirmeoireachta in Éirinn agus thar lear.
6 chlár leathuaire a bheidh i gceist ina bhfeicfimid Mairéad agus Conall ag taisteal ó Shligeach go dtí an Algarve, an tSualainn, Seville agus ansin go dtí Maracó ag cur lena dtuiscint ar chúrsaí éiceolaíochta, glasraí, spioradáltachta, tógála tithe, marcaíochta tonn, cócaireachta, marcaíochta agus ológ!
Deir Gráinne McCotter, stiúrthóir / léiritheoir na sraithe:
“Bealach saoil é WWOOFÁIL nach bhfuil pingin ar bith le híoc air. Ní hamháin go bhfaigheann tú deis obair dheonach a dhéanamh ar fheirmeacha, áit a bhfoghlaimeoidh tú conas tú féin a chothú agus faoi fheirmeoireacht orgánach ach saothróidh tú 3 bhéile sa lá agus leaba le do scíth a ligean san oíche – is gan le déanamh ach 4- 6 huaire an chloig oibre ar an bhfeirm!”.
Ná cailligí ‘Wwoofáil’ ar 21 Márta ag 10pm ar TG4.
© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Gearrliosta Ghradam Uí Ógartaigh le fógairt go luath
Tacaíocht mhaoinithe ar fáil -Áiseanna d’fhoghlaim trí Ghaeilge
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge