Bhí an Méara Cathal King i láthair ag Leabharlann an Chontae i dTamhlacht leis an dara scéim teanga de chuid na Comhairle Contae a sheoladh mar aon leis an leagan Gaeilge úr de shuíomh gréasáin na Comhairle, www.athcliaththeas.ie.
Tugann an scéim teanga cur síos ar na seirbhísí a bheidh le forbairt agus le feabhsú ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas d’fhonn freastal níos fearr ar an bpobal ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an gComhairle trí Ghaeilge. Eascraíonn dualgais na Comhairle Cathrach i leith na Gaeilge ó Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thugann éifeacht phraiticiúil do stádas bunreachtúil na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil an Stáit.
Seoladh suíomh agus scéim nua na Comhairle mar chuid de SnaGÁct, Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas a bheidh ar siúl go dtí 17 Márta. Tá bróisiúr na féile SnaGÁct le fáil anseo.
Is féidir Scéim Teanga Chomhairle Contae Átha Cliath Theas a léamh anseo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Tacaíocht mhaoinithe ar fáil -Áiseanna d’fhoghlaim trí Ghaeilge
Iarratas ar Aighneachtaí - Údaráis Áitiúla Dhún na nGall
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge