Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seachtain na Gaeilge 2013 faoi lán seoil

$
0
0

Tá seachtain amháin caite againn ag ceiliúradh ár dteanga dhúchais agus tá seachtain eile romhainn fós le himeachtaí suimiúla Gaelacha ar siúl ar fud na cruinne.

Gach bliain, tugann Seachtain na Gaeilge seo deis do gach duine, idir chainteoirí dúchasacha agus fhoghlaimeoirí, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge agus is é 2013 an chéad bhliain don fhéile fhadmharthanach a bheith á cheiliúradh i Stormont.

Cé go bhfuil neart imeachtaí tar éis tarlú ar fud na cruinne cheana féin tá i bhfad níos mó le teacht don chuid eile den tseachtain.

Beidh trí ghearrscannán ar an scáileán sa Phictiúrlann Light House, i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. Léiríodh na trí scannán Páirtnéir, Eoinín agus Bás Arto Leary mar chuid de scéim ‘Scéal 2’ le haghaidh TG4, ach is é seo an chéad deis iad a fheiceáil riamh. Chomh maith leis sin, seo an chéad uair scannáin Ghaeilge a bheith á dtaispeáint sa phictiúrlann.

I gcathair Chorcaí tá Gael-Taca ag ceiliúradh Mhí na Gaeilge le linn mhí Mhárta. Beidh ‘Scóráil Sciobtha ar siúl ar an Déardaoin 21 Márta ag 8pm in ionad Ghael-Taca le “Champagne Reception” chun bualadh le daoine nua agus ar an gCéadaoin 27 Márta seolfar Plean Gníomhach 5 Bliana le “Saol ó Dheas” ar RnaG ag 12.00pm beo as an ionad céanna.

Reáchtálfar ceardlann ealaíne do theaghlaigh ‘Ealaín Ghlas’ ag Ionad Theach Cathrach Chúirt an Phaoraigh Baile Átha Cliath 2 ar 15 agus 16 Márta. Déanfaidh an tsaincheardlann seo ceiliúradh ar ár gcomhshaol glas agus spreagfaidh sé cruthaitheacht agus spraoi do theaghlaigh le cuidiú ó na héascaitheoirí tiomanta ó Na Turtair Dhraíochta. Páistí €10, Aosaigh – saor in aisce.

Sínfear an ceiliúradh chomh fada leis an tSualainn ar 14 Márta go Rannóg na Ceiltise in Ollscoil Uppsala nuair a léifear ‘Scéalta ó Éirinn’. Beidh neart ceoil, comhrá agus léamh filíochta ag tarlú ar an oíche chomh maith le tráth na gceist.

Tá gach eolas maidir le himeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fáil ar www.snag.ie agus ar an aip nua le haghaidh gutháin chliste a dhéanann sceidealú ar imeachtaí ar do shon – díreach an rud atá uait don sheachtain ghnóthach seo!

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Wwoofáil ag teacht chuig scáileán TG4

Gearrliosta Ghradam Uí Ógartaigh le fógairt go luath

As na Nuachtáin: Irish language class takes off in Protestant community in east Belfast

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>