Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Leabhair ghleoite foilsithe ag An Gúm le buachan

$
0
0
An tseachtain seo, beidh deis iontach ag duine dhá leabhair ghleoite, ceann do ghasúir agus ceann do dhéagóirí, atá foilsithe ag An Gúm a bhuachan.

Seo hiad na leabhair atá i gceist: AZZI Idir Dhá Stól le Sarah Garland agus Smuf leis an scríbhneoir Alan Titley.

Leabhar grafach le Sarah Garland a scríobh agus a mhaisigh atá sa leabhar gleoite AZZI Idir Dhá Stól. Seo scéal iontach corraitheach a insítear, idir phictiúir agus téacs, go lom tuisceanach. Tá Azzi agus a tuismitheoirí i mbaol. Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile.

Téann siad ag cónaí i measc strainséirí, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine. Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile. An bhfeicfidh sí arís go deo í?

Is scéal spraíúil spleodrach is ea Smuf ó pheann an scríbhneora aitheanta Alan Titley. Conas a mhothófá dá bhfágfadh do mhuintir ar thaobh an bhóthair thú in áit strainséartha – agus dá n-imeoidís leo sa charr? Sin é go díreach a tharlaíonn do Smuf, laoch an úrscéil seo. Cad atá i ndán do

Smuf – saol anróiteach nó saol an mhadra bháin?

Is é Peter Donnelly a mhaisigh an leabhar álainn seo. Tá an leabhair seo feiliúnach do dhéagóirí.

Ceist na seachtaine seo:

Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh an leabhar AZZI Idir Dhá Stól?
• An Gúm
• Cló Iar-Chonnacht
• Futa Fata
• Coiscéim

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 20 Márta 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Fiadhnat Mhic Craith as Co. Chill Mhantáin a bhuaigh an duais san eagrán seo caite.

Táimid fíorbhuíoch de An Gúm a bhronn na duaiseanna iontacha seo orainn.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: 10,000 expected for festival of Celts

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta

Seachtain na Gaeilge 2013 faoi lán seoil

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>