Bhain an cás seo le fear óg a stopadh maidir le cion tráchta. Nuair a d’iarr an fear a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge, gabhadh é agus tugadh i nglais lámha é chuig stáisiún Gardaí áit ar coinníodh é go dtí go raibh fáil ar Gharda a bhí in ann déileáil leis trí Ghaeilge. Níor bhain an eachtra seo le haon timpiste nó le haon líomhaintí faoi thiomáint faoi luas nó faoi thionchar an óil.
Tháinig sé chun solais le linn imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga go raibh dearcadh coiteann i measc na nGardaí san fhiosrúchán gur cheart caitheamh le Gaeilgeoirí sa chaoi chéanna is a chaitear le náisiúnach eachtrach ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge.
Chinn an Coimisinéir Teanga go raibh gealltanais reachtúil an Gharda Síochána, is é sin go n-aithníonn an fórsa ceart an phobail gnó a dhéanamh leo ina rogha teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla, sáraithe sa chás seo.
Tar éis torthaí an imscrúduithe a fháil tá tuairisc curtha ag Coimisinéir agus lucht ardhbhainistíochta an Gharda Síochána chuig an gComisinéir Teanga ag cur in iúl go dteastaíonn uathu córas nua a chur i bhfeidhm le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid d’eachtra arís.
Agus é ag tagairt don chás áirithe ag ócáid seolta na Tuarascála Bliantúil maidin inniu, dúirt An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin go bhfuil “forbairtí i dtaca le feasacht teanga, oiliúint, cleachtas agus prótacail nua ag eascairt as torthaí an cháis seo”.
Déantar cur síos iomlán ar na mórcheisteanna eile ó Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga san alt seo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Seachtain na Gaeilge 2013 á cheiliúradh in Stormont den chéad uair
Síneadh ama tugtha d’eagrais Ghaeilge
Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge