Tá sé i gceist ag Fáilte Ireland scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag [ainm an chomhlachta] anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach).
Ba chóir freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin failteireland.ie, a sheoladh isteach go leictreonach chuig communications@failiteireland.ie
Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh leis an bpost chuig:
Irish Language Scheme
Communications
Fáilte Ireland,
Áras Fáilte,
88-95 Amiens St,
Dublin 1.
Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar don phobal ag Fáilte Ireland ar fáil ar www.failteireland.ie
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 i.n., 19 Márta, 2013
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltacha www.ahg.gov.ie
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:
http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.
Fógra Poiblí foilsithe ar Gaelport.com 13 Márta 2013.