D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Terry O’Flaherty, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar 12 Márta 2013 mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge.
Bhí ardchaighdeán i gceist leis na hiarratais arís i mbliana a léirigh dearfacht agus diongbháilteacht láidir i leith na teanga.
Roghnaíodh an 11 comhlacht i gcatagóirí ar an ngearrliosta toisc go raibh infheistíocht shuntasach déanta acu sa teanga agus forbairtí buana curtha i bhfeidhm agus dul chun cinn maith déanta acu le tamall anuas.
Coinneoidh na moltóirí súil ghéar ar na gnólachtaí sna seachtainí atá romhainn agus tabharfaidh siad cuairt orthu a chun léargas a fháil agus breithiúnas a thabhairt ar an obair dhátheangach ráthúil go léir atá ar bun acu.
Bronnfar pacáiste gnó de luach €2,000 ar bhuaiteoirí na gcatagóirí mar aon le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh urraithe ag Údarás na Gaeltachta.
Gheobhaidh buaiteoir iomlán an Ghradaim duais ar luach iomlán €17,000 urraithe ag gnólachtaí áitiúla, ina measc; pacáiste fógraíochta de luach €2,500 ón Galway Advertiser mar aon le feachtas poiblíochta náisiúnta atá deartha go speisialta dóibh chomh maith le Ceardlann Comhairliúcháin agus Caidreamh Poiblí agus Margaíochta de luach €4,000 ó D’Arcy Marketing & PR.
Is iad seo a leanas na gnólachtaí agus na heagraíochtaí a roghnaíodh do na catagóirí éagsúla sa ghearrliosta i mbliana.
Miondíol, urraithe ag Galway Bay FM
GalMac Computers
McCambridge’s
Turasóireacht & Fáilteachas, urraithe ag Fáilte Ireland
Óstán an Ardoileáin
The Galleon
Vina Mara
Woodhaven Lodge
Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway
Colette Kelly Optometrist
Kemple Gormley Solicitors
Tí Tighe
Comhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ionad na Faiche Móire
Oxfam Gaillimh
Fógróidh an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., An Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta buaiteoirí na gcatagóirí agus buaiteoir iomlán an Ghradaim ar Déardaoin 18 Aibreáin 2013 ag 6.30 i.n. in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh.
© Foilsithe ar Gaelport.com 14 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
“Ní sárbhliain a bhí in 2012” – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga
Fear Gafa de bharr Gaeilge a labhairt
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge