Seo sraith atá bunaithe ar airgead a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó agus faoi láthair tá rannpháirtithe le Gaeilge á lorg acu chun páirt a ghlacadh sa shraith nua teilifíse seo a bheidh á chraoladh ar tg4. Is sé chlár a bheidh i gceist atá le taifeadadh ar fud na hÉireann i rith mhíonna an earraigh agus an tsamhraidh.
An coincheap atá ann ná go mbaileoidh na rannpháirtithe nithe ina dtithe éadaí, sean troscán nó giuirléidí agus go gcuirfidh na láithreoirí sainchomhairle orthu maidir le hairgead a thuilleamh ar na nithe sin a dhíol ar eBay nó ag ceantanna eile ar líne, chomh maith le ag aontaí nó díolacháin as búit cairr ina gceantar féin.
Beidh sprioc ag gach duine, nó ócáid le freastal uirthi, ina rachaidh an t-airgead ina threo.
D’fhéadfadh luach seintimintiúil a bheith ag nithe áirithe, agus é deacair scaradh leo ach tharlódh gurb iad sin na nithe is mó a dhéanfadh airgead.
Mar sin, más mian leat féin nó le do chomhghleacaithe airgead breise a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó, chun freastal ar ócáid e.g. saoire, bainis nó chun feabhas a chur ar do theach, chun trealamh nua a cheannach tá an clár seo feiliúnach duitse.
Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sa sraith seo líon isteach foirm iarratais ar: www.stirlingtelevision.co.uk
©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sa scéal seo a leanas:
Wwoofáil ag teacht chuig scáileán TG4
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge