Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Ghaeilge chun cinn ag Gradaim Mhargaíochta na hÉireann

$
0
0
Foilsíodh gearrliosta na rannóige ‘Gnó as Gaeilge’ mar chuid de Ghradaim Mhargaíochta na hÉireann an tseachtain seo.

Aithníonn na gradaim seo na héachtaí margaíochta a bhaineann comhlachtaí agus eagraíochtaí amach fud an oileáin seo gach bliain agus an ról a ghlacann na héachtaí sin i neartú agus láidriú an heacnamaíochta. Is í an aidhm atá ag na gradaim ná aird a thabhairt ar thábhacht na margaíochta ag cruthú luacha agus brabúis ar tháirge.

I measc na rannóga sa chomórtas náisiúnta seo, tá an rannóg ‘Gnó as Gaeilge’, a díríonn go speisialta ar úsáid na Gaeilge mar uirlis mhargaíochta ar mhaithe le bheith chun tosaigh ar comhlachtaí agus eagraíochtaí eile. Is tréith coitianta é, i measc comhlachtaí lonnaithe in Éirinn, fréamhacha an chultúir Ghaelaigh a úsáid mar íomhá dearfach ina gcuid gnóthaí.

Sa rannóg seo, chuaigh painéal de shaineolaithe margaíochta ar thóir comhlachtaí a bhfuil an Ghaeilge mar shiombail mhealltach acu agus a aithníonn na féidearthachtaí a bhaineann leis an dátheangachas i bhfoirm custaiméirí nua a mhealladh agus iomaíocht ghéar a chruthú le comhlachtaí eile sa mhargadh céanna.

Is é seo an gearrliosta don rannóg ‘Gnó as Gaeilge’:

Banc na hÉireann
BitSmith Games
Freedom Surf School
Irish Independent
Nemeton TV

Tiocfaidh na moltóirí le chéile ar 25 Aibreán 2013 chun cinneadh a dhéanamh agus bronnfar duais ar an mbuaiteoir ag searmanas speisialta ar 23 Bealtaine ag Óstán an Burlington i mBaile Átha Cliath.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 15 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Aip iPad seolta ag TG4

DÍOL É - Rannpháirtithe le Gaeilge á lorg

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2013 fógartha

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>