Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ainmniúcháin Ghaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair do Pháistí

$
0
0
Tugadh ardmholadh do scríbhneoireacht Ghaeilge do dhaoine óga inné nuair a fógraíodh gearrliosta Ghradaim Labhair do Pháistí 2013, a bhfuil trí leabhar Gaeilge luaite air.

Is é seo an 23ú bliain do na gradaim CBI a bheith á mbronnadh ar scríbhneoirí Éireannacha. Rachaidh 10 leabhar san iomaíocht le haghaidh sé ghradam, ina measc Gradam ‘Rogha na bPáistí’ ina ndéanfaidh léitheoirí óga ar fud na tíre a gcinneadh maidir leis an leabhar is fearr leo.

Tugann na gradaim seo aitheantas don ardchaighdeán scríbhneoireachta agus maisiúcháin atá ann do dhaoine óga tír seo a chuireann le spreagadh na cruthaitheachta agus éirimiúlachta don chéad ghlúin eile.

Is iad ‘Hóng’ le Anna Heussaff, ‘Mise agus an Dragún’ le Patricia Forde, maisithe ag Steve Simpson agus ‘Na Laochra is Lú’ le Laoise Ní Chléirigh , maisithe ag Steve Simpson na leabhair Ghaeilge atá luaite ar an ngearrliosta.

Is é seo an chéad shaothar atá scríofa ag Laoise Ní Chléirigh agus tá dhá ainmniúchán faighte ag an maisitheoir Steve Simpson. Baineann ‘Na Laochra is Lú’ le hiascairí i mbaol agus Taibhse Dána, scéal iontach eachtraíochta do dhaoine óga, agus é scríofa agus cóirithe go haoibhinn.

Scéal álainn faoi thuras fada isteach i dtír na samhlaíochta is ea ‘Mise agus an Dragún’ le Patricia Forde ina dtiteann ina léitheoir i grá le béirín beag agus é ag smaoineamh ar an lá a bheidh sé fásta. Is é seo an tríú leabhar leis an údar seo atá curtha i gcló ag Futa Fata.

Is é HÓNG an dara úrscéal do léitheoirí óga a scríobh Anna Heussaff. Baineann an scéal le téamaí reatha i saol an duine óig ag baint úsáid as uirlis chruthaitheach an fhíschluiche ‘Hóng’ agus a ardaíonn ceisteanna eiticiúla maidir leis an idirlín, gnó salach agus caidrimh phearsanta.

Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí ag searmanas bronnta ar 8 Bealtaine 2013.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Bannaí ceoil á lorg le dul san iomaíocht beo ar RnaG

Deontas bronnta ar Oideas Gael

An Ghaeilge chun cinn ag Gradaim Mhargaíochta na hÉireann

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>