Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Suirbhé an Fhorais maidir le Seirbhísí Nuachta

$
0
0
Iarrfar ar phobal na Gaeilge eolas a thabhairt maidir le nósmhaireachtaí léitheoireachta agus tuairim a léiriú maidir le caighdeán na nuachtán dheireanacha a bhí maoinithe ag Foras na Gaeilge sa suirbhé nua atá seolta ag an áisíneacht teanga.
D’fhógair an Foras go mbeadh athbhreithniú iomlán ar mhargadh na nuachtán Gaeilge ó cuireadh críoch leis an gconradh a bhí ann don nuachtán Gaelscéal i mí Feabhra.

Is í an chúis atá tugtha ag Foras na Gaeilge leis an ngearradh seo a chur i bhfeidhm ná nach raibh ag éirí leis nuachtán ó thaobh díolacháin de. Tugadh figiúr de 1,300/1,400 cóip in aghaidh na seachtaine mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí.

Deir an Foras  go léiríonn an meath leanúnach atá tagtha ar dhíolachán nuachtán lán-Ghaeilge go bhfuil gnáthaimh léitheoireachta nuachta phobal na Gaeilge athraithe agus á n-athrú i rith an ama.

Deirtear go gcuideoidh torthaí an taighde seo le Foras na Gaeilge “aontú ar an gcur chuige is fearr chun seirbhís nuachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge taobh istigh d’acmhainní teoranta an Fhorais”. 

Sa suirbhé, iarrtar ar na rannpháirtithe eolas a sholáthar maidir leis an áit a bhfuil cónaí orthu agus iarrfar ar phobal na Gaeltachta eolas a thabhairt maidir leis an nGaeltacht lena mbaineann siad. 

Baineann roinnt de na ceisteanna le nósmhaireachtaí léitheoireachta agus conas mar a thagann rannpháirtithe ar fhoinsí nuachta ón nuacht ar líne agus na nuachtáin réigiúnacha agus náisiúnta chlóite go nuachtáin a dháiltear saor in aisce go réigiúnach agus ar bhonn náisiúnta.

Cuirtear ceisteanna chomh maith maidir leis na nuachtáin dheireanacha a bhí maoinithe ag Foras na Gaeilge, Gaelscéal, Lá Nua agus Foinse ( go dtí 2009)  ina measc agus iarrtar ar rannpháirtithe tuairim a léiriú maidir le caighdeán na nuachtán.

Beidh an suirbhé ar fáil go dtí 16  Aibreán agus beidh rannpháirtithe in ann é a chomhlánú ar líne ag Gaeilge.ie/suirbhe nó beidh daoine in ann cóipeanna crua a sheoladh chuig SUIRBHÉ, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:



Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #nuacht

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>