Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Teastas Nua Surfála seolta ag Scoil Surfála Freedom

$
0
0
Tá tús curtha ag Scoil Surfála Freedom i gcomhar le Billabong le teastas surfála deireadh seachtaine trí Ghaeilge.

Tá Scoil Surfála Freedom ar an bhfód le 30 bliain anois agus í lonnaithe sa Trá Mhór, Co. Phort Láirge gar do Ghaeltacht na Rinne. Tá an-éileamh ar na ranganna surfála trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil ann mar aon le campaí samhraidh d’aoisghrúpaí éagsúla.

Tá clár eisceachtúil curtha le chéile agus an scoil I gcomhar leis an mbranda aitheanta, Billabong, a chuirfidh ar chumas daoine cáilíocht a bhaint amach tar éis dóibh scileanna nua a fhoghlaim.

Dúirt stiúrthóir Scoil Surfála Freedom, Billy Butler: “Chuireamar tús leis an turas seo i 2008 agus táimid ag cur lenár gclár ó shin. Beidh teastais ar fáil ó Chumann Surfála na hÉireann don Chúrsa Teastas Surfála seo trí Ghaeilge do aon duine ar mhaith leo caighdeán aitheanta tosaitheora nó idirmheánach surfála a fháil trí Ghaeilge. Tá lúcháir orainn é a chur ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ónár gcomhpháirtí oirirc Billabong."

Tá eolais maidir leis an teastas ar fáil ar www.freedomsurfschool.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Ainmniúcháin Ghaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair do Pháistí

Féile na bPáistí 2013

Suirbhé an Fhorais maidir le Seirbhísí Nuachta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>