Beidh scoth na n-amhránaithe, na ndamhsóirí agus na gceoltóirí i láthair ag an bhféile iomráiteach seo le ceardlanna éagsúla a mhúineadh agus le seisiúin neamhfhoirmiúla a chasadh.
Baileoidh aíonna aitheanta ag Club na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell ar 12 Aibreán, áit a mbeidh seisiún amhránaíochta i gcomhar leis An Góilín ar siúl.
I láthair ag an seisiún amhránaíochta beidh aíonna na féile agus cairde eile: buaiteoir Chorn Uí Riada na Bliana 2012 Pól Ó Ceannabháin, Páidí Mhárthainn Mac Gearailt as Corca Dhuibhne, an damhsóir Patricia Ní Fhathartha as Conamara, Breanndán Ó Beaglaoich as Corca Dhuibhne, Máire Chóil Neaine Nic Dhonnachadha as ceantar na nOileáin i gConamara, an t-amhránaí, an scéalaí agus an damhsóir aitheanta Máirtín Chóil Neaine Pháidín as Ráth Chairn, Máire Ní Chéilleachair as Múscraí agus beidh deirfiúr Phól, Caitríona Ní Cheannabháin i láthair chomh maith. Ag casadh ceoil ar an oíche beidh Aoife Ní Chonchúir agus Liam Ó Conchúir as Baile Átha Cliath.
An mhaidin dar gcoinn ar an Satharn, 13 Aibreán, reáchtálfar ceardlanna amhránaíochta le Pól Ó Ceannabháin (Connacht) agus Páidí Mhárthainn Mac Gearailt (Mumhan) agus ceardlann damhsa ar an sean-nós le Patricia Ní Fhathartha ag Áras na bPíobairí Uilleann. Is gá clárú roimh ré chun freastal ar na ceardlanna se, mar sin ní mór glaoch ar (01) 453 8192 nó (087) 262 1537.
Níos déanaí ar an lá sin bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar dhuine éigin a meastar go bhfuil saibhriú faoi leith déanta aige nó aici ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta. Ina dhiaidh sin tiocfaidh aíonna na féile le chéile arís le haghaidh seisiún mór damhsa, ceoil, amhránaíochta agus spraoi.
Tiocfaidh clabhsúr leis an bhféile ar an Domhnach i dTeach Tábhairne Tigh Hughes don seisiún deireanach ceoil.
Tá clár iomlán na féile ar fáil anseo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Suirbhé an Fhorais maidir le Seirbhísí Nuachta
Bannaí ceoil á lorg le dul san iomaíocht beo ar RnaG
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge