Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ag lorg tuairimí ón bpobal i láthair na huaire maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge dá chustaiméirí.
Cuireann Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime ó aon pháirtithe leasmhara. Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig info@daa.ie nó tríd an bpost chuig:
Gary Clooney
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath,
Foirgneamh an tSeanteirminéil Láir,
Aerfort Bhaile Átha Cliath,
Contae Bhaile Átha Cliath.
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 pm ar an Aoine, an 12 Aibreán 2013.
Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ar fáil ar www.daa.ie
Aighneachtaí
Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí ón bpobal. Is féidir leis na comhlachtaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aiseolas a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear
• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe.
© Foilsithe ar Gaelport.com 26 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Suirbhé an Fhorais maidir le Seirbhísí Nuachta
Teastas Nua Surfála seolta ag Scoil Surfála Freedom
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge