Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ocht ndán san iomaíocht le haghaidh Chorn an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013

$
0
0
Tá áthas ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gearrliosta Chomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill a fhógairt go hoifigiúil inniu.

Tá an comórtas dátheangach seo á reáchtáil den séú bliain as a chéile ó bhí 2008 ann agus is ócáid lárnach é le linn an mhalartaithe chultúrtha is seanbhunaithe idir Éirinn agus Albain, Turas na bhFilí.

Dúirt Sibéal Davitt, Rúnaí Oifige, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:

“Bhí iomaíocht ghéar i gceist leis an ngearrliosta i mbliana arís agus is cinnte go mbeidh jab fíor-dheacair ag na moltóirí dán buaiteach a roghnú ar an oíche. Chuir 26 file isteach ar an gcomórtas san iomlán agus ní raibh ach 8 ndán le roghnú as 54. I nGaidhlig na hAlban a bhí 15 dhán scríofa astu sin.”

“Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas an gaol idir an dá theanga agus an fhilíocht a neartú agus is siombail í an líon mór iontrálacha a tháinig isteach den chaighdeán ard cruthaitheachta a mhaireann i measc filí ár linne.”

Is iad na dánta a leanas a rachaidh ar aghaidh chuig craobh cheannais an chomórtais:


Fear-Faire
le Marcas Mac an Tuairneir

Mallacht le Anna Ní Chathluain

Fáilte na Gealaí roimh an Rabharta le Paddy Bushe

Lucozade le Daibhidh Eyre

Caife le Caitríona Ní Mhurchú 

Taistealaiche a’ Coimhead Thairis air Cuan Ceò (c. 1815) le Maoilios Caimbeul

An tÉan Dara le Máire Wren

Connla le Philip Cummings 


Tiocfaidh na filí ar fad le chéile ar oíche Aoine 19 Aibreán ag Ionad Cois Teallaigh, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ag 8 pm, áit a léifidh siad a gcuid dánta ach ní bhronnfar Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill agus duais €500 ach ar fhile amháin. Foilseofar dán buaiteach na bliana seo sna hirisí ‘Comhar’ agus ‘Feasta’ mar cuid den duais.

Is iad na filí aitheanta Meg Bateman agus Gabriel Rosenstock a bheidh mar mholtóirí ar chomórtas na bliana seo agus beidh an scríbhneoir Alan Titley ina fhear an tí. Anuas air seo, beidh neart siamsaíochta le ceol Albanach agus amhráin Ghàidhlig agus tá fáilte roimh chách teacht agus an t-atmaisféar álainn cultúrtha a shú isteach.

Anuraidh Chroch an banfhile óg Ailbhe Ní Ghearbhuígh ó Thrá Lí, Contae Chiarraí an corn léi lena dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 26 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Sean-Nós le ceiliúradh Cois Life

Teastas Nua Surfála seolta ag Scoil Surfála Freedom

Suirbhé an Fhorais maidir le Seirbhísí Nuachta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #ComórtasUíNéill #TnabhFilí2013


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>