Tá cuireadh tugtha do ghnóthaí i nDún Garbhán agus in iarthar Phort Láirge páirt a ghlacadh i nGradam Gnó na nDéise 2013 agus beidh duaischiste ar luach €2,000 ar fáil do bhuaiteoirí i gceithre chatagóir éagsúla.
Is iad Comhairle Contae Phort Láirge agus Comhlucht Forbartha na nDéise atá ag reáchtáil an chomórtais arís i mbliana agus tabharfar cúnamh do na gnólachtaí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa scéim.
Tá ceithre chatagóir i nGradam Gnó na nDéise 2013, le hurraitheoirí mar a leanas:
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gnó
Fógrófar na buaiteoirí i mí an Mheithimh le linn imeachtaí Chomórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i nGaeltacht na nDéise ón 31 Bealtaine go dtí an 3 Meitheamh.
Is iad Comhairle Contae Phort Láirge agus Comhlucht Forbartha na nDéise atá ag reáchtáil an chomórtais arís i mbliana agus tabharfar cúnamh do na gnólachtaí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa scéim.
Tá ceithre chatagóir i nGradam Gnó na nDéise 2013, le hurraitheoirí mar a leanas:
1. Comharthaíocht & Ábhar Priontáilte (urraithe ag Údarás na Gaeltachta)
2. Seirbhís & Nuálaíocht (urraithe ag WLR FM)
3. Gnó Nua is Fearr (urraithe ag Beat FM)
4. Fad-Seirbhís don nGaeilge (urraithe ag The Dungarvan Leader)
Tá sé mar aidhm ag Gradam Gnó na nDéise gnóthaí a ghríosadh chun an Ghaeilge a úsáid mar uirlis mhargaíochta agus ghnó, trí bhuntáistí eacnamaíocha agus chultúrtha na Gaeilge a chur in iúl dóibh.
Ag labhairt di faoi na Gradaim dúirt Máire Seo Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge, “Tá Port Láirge ar cheann de sheacht chontae sa tír a bhfuil Gaeltacht ann agus is é Dún Garbhán an príomh-ionad siopadóireachta do mhuintir Ghaeltacht na nDéise”
Tá ainmniúcháin agus léiriú suime á nglacadh faoi láthair do Ghradam Gnó na nDéise 2013. Moltar go ndéanfaí teagmháil le Micheál Ó Drisleáin, Bainisteoir Forbartha, Comhlucht Forbartha na nDéise, Teil: 058-46664 nó 087-793 8709 nó r-phost: cfdeise@gmail.com nó le Máire Seó Breathnach chun sonraí agus tuilleadh eolais a fháil: Teil: (058) 20884 nó r-phost: msbreathnach@waterfordcoco.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Teastas Nua Surfála seolta ag Scoil Surfála Freedom
Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2013 fógartha
Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2013 fógartha
As na Nuachtáin: A very Irish revolution taking place in Naas
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gnó